D'oscail an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (NCCA) an comhairliúchán ar dhréacht-shonraíochtaí do Ghaeilge na hArdteistiméireachta ar an 23 Feabhra 2021. Agus an próiseas comhairliúcháin á phleanáil agus á dhearadh, chuimhnigh an NCCA ar na cúinsí an-dúshlánacha a chur san áireamh atá roimh mhúinteoirí, scoláirí, cheannairí scoile agus a bpobail mar gheall ar Covid-19. D’fhonn an oiread deiseanna agus is féidir a chur ar fáil dóibh siúd go léir ar spéis leo dul i mbun an phróisis, tá sé beartaithe an comhairliúchán seo a choinneáil ar oscailt ar feadh tréimhse sé mhí. De ghnáth, déantar comhairliúcháin ar dhréacht-shonraíochtaí ábhair thar tréimhse idir sé agus ocht seachtaine.
Tá an NCCA ag úsáid réimse teicnící comhairliúcháin lena n-áirítear suirbhé ar líne, grúpa fócais agus cruinnithe déthaobhacha, chomh maith le haighneachtaí i scríbhinn chun eispéiris agus peirspictíochtaí na rannpháirtithe ar gach gné de na dréacht-shonraíochtaí a bhailiú agus a thaifeadadh. Áirítear orthu seo na cineálacha eispéiris foghlama, teagaisc agus measúnaithe atá leagtha amach do scoláirí.
Chun feasacht a mhúscailt níos mó faoin deis seo chun cur leis na forbairtí curaclaim seo agus chun rannpháirtíocht chomh leathan agus is féidir a chumasú, tá an NCCA ag obair as láimh a chéile le comhghleacaithe i roinnt eagraíochtaí laistigh den earnáil oideachais lán-Ghaeilge chomh maith. Mar shampla, d'óstáil an NCCA, i gcomhar le Gaeloideachas, seisiún faisnéise agus ansin reáchtáladh grúpaí fócais comhairliúcháin do mhúinteoirí i suíomhanna T1/L1 go luath i mí an Mhárta.
Tá tuilleadh cruinnithe grúpa fócais le múinteoirí i gcomhthéacsanna T1 agus T2 beartaithe i gcomhar le COGG (An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta).
Tá a fhios agam gur chuir roinnt eagraíochtaí Gaeilge in iúl go bhfuil imní orthu maidir leis an tréimhse chun an próiseas comhairliúcháin atá ar siúl a chríochnú. Tuigim go mbeidh an NCCA ag bualadh le cuid de na heagraíochtaí seo an mhí seo chugainn. Beidh deis ann ansin na saincheisteanna sin a phlé.
Is maith a thuigeann an NCCA an tábhacht agus an luach a bhaineann le haiseolas láidir ó gheallsealbhóirí ar dhréacht-shonraíochtaí curaclaim chun bonn eolais a chur faoi dhoiciméad dá leithéid agus iad á gcur i gcrích. I bhfianaise na paindéime atá ann faoi láthair tá athbhreithniú leanúnach á dhéanamh ag an NCCA ar an bpróiseas comhairliúcháin atá ar siúl.