Tá plean teanga Chathair na Gaillimhe curtha faoi bhráid mo Roinne ag Foras na Gaeilge agus é á mheas faoi láthair. Táim ag súil go mbeidh mé in ann ceadú an phlean seo a fhógairt go gairid.
Uair amháin atá an plean ceadaithe, beidh maoiniú suas le €100,000 in aghaidh na bliana á chur ar fáil don cheanneagraíocht Gaillimh le Gaeilge thar tréimhse 7 mbliana. Tabharfaidh an maoiniú seo deis do Ghaillimhe le Gaeilge, a d’ullmhaigh an plean i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Oifigeach Pleanála Teanga a fhostú chun cuidiú lena bhfoireann an plean teanga a chur i bhfeidhm.
Beidh Cathair na Gaillimhe mar an tríú Baile Seirbhíse Gaeltachta atá ceadaithe faoin bpróiseas pleanála teanga, in éineacht le Daingean Uí Chúis agus Leitir Ceanainn. Agus plean teanga na Gaillimhe á chur i bhfeidhm, táthar ag súil go mbeidh sé mar thacaíocht don Ghaeilge sa chathair agus do mhuintir na Gaeltachta.
Anuas ar phleananna teanga an Eachréidh agus Oirthear Chathair na Gaillimhe a ceadaíodh le tamall anuas, is dul chun cinn suntasach don Ghaeilge sa chathair agus ina timpeallacht a bheidh i gceist le ceadú plean teanga na Gaillimhe.