Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Covid-19 Paindéim

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 28 April 2021

Wednesday, 28 April 2021

Ceisteanna (49)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

49. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cén pacáiste tacaíochta a bheas ar fáil do na coláistí, do na hallaí pobail agus do na mná agus na fir tí a bheas thíos leis toisc nach mbeidh daltaí dara leibhéal in ann freastal ar choláistí samhraidh Gaeltachta arís i mbliana mar a bhíodh roimh an bpaindéim. [22312/21]

Amharc ar fhreagra

Freagraí ó Béal (6 píosaí cainte)

Cad é an pacáiste tacaíochta a bheas ar fáil do na coláistí samhraidh, na hallaí pobail agus na mná tí agus fir thí a bheas thíos leis toisc nach mbeidh coláistí samhraidh ag dul chun cinn i mbliana? Má théann siad chun cinn, ní bheidh siad ar an tslí a mbíodar dhá bhliain ó shin.

I gcomhthéacs an chúraim atá ar an Roinn tacú le hearnáil na gcoláistí samhraidh agus ar mhaithe le soiléiriú a dhéanamh oiread is féidir ar na bunriachtanais a chaithfí a chomhlíonadh i gcás go mbeadh cúrsaí Gaeilge in ann dul ar aghaidh an samhradh seo, scaipeadh dréacht-treoirlínte maidir le Covid-19 ar earnáil na gcoláistí Gaeilge ag tús na seachtaine seo caite. Is ar lucht stiúrtha na gcoláistí Gaeilge agus ar theaghlaigh cháilithe Ghaeltachta a chuireann lóistín ar fáil dóibh atá na treoirlínte dírithe. Ós rud é go dtagann na treoirlínte seo faoi réir pé rialacháin agus comhairle sláinte phoiblí atá i bhfeidhm ag aon am faoi leith, aithnítear go bhféadfadh athruithe teacht orthu le linn an ama. Is dréachtcháipéis bheo í dá réir.

Bhí sraith chruinnithe agam féin agus ag feidhmeannaigh na Roinne le seachtain anuas le hionadaíocht ó na teaghlaigh Ghaeltachta a chuireann lóistín ar fáil do na coláistí agus le scáthghrúpa na gcoláistí samhraidh, Comhchoiste Náisiúnta na gColáistí Samhraidh, CONCOS, tar éis na deise a bhí tugtha do gach éinne na dréacht-treoirlínte a mheas. Anuas ar an gcomhairliúchán seo, chas mé le toscaireacht ó choistí na hallaí pobail i gConamara níos túisce i mbliana chun a gcuid riachtanais a phlé. Ina theannta sin, tugadh deis do pháirtithe leasmhara a gcuid tuairimí faoi na treoirlínte réamhluaite a roinnt i scríbhinn leis an Roinn le seachtain anuas.

Is é an cuspóir atá leis an mbeart comhairliúcháin seo trí chéile ná a chur ar shúile gach éinne a bhfuil baint acu leis an earnáil cad iad na himpleachtaí a bheadh ann dóibh ó thaobh Covid-19 i gcás go bhféadfaí dul ar aghaidh le cúrsaí ar an gcéad dul síos agus deis éisteachta agus plé a bheith ag an Roinn le páirtithe leasmhara faoin ábhar. Is é an sprioc atá leis na treoirlínte agus leis an bplé seo ar fad ná féachaint an féidir cúrsaí a reáchtáil go sábháilte an samhradh seo. Agus an comhairliúchán críochnaithe anois, déanfar cinneadh maidir le cúrsaí 2021 go gairid. Tá mé thar a bheith buíoch díobh siúd ar fad a ghlac páirt sa chomhairliúchán seo le seachtain anuas. Bhí sé tábhachtach dom go mbeadh deis acu a gcuid tuairimí a léiriú agus a phlé liom. Níl aon cheist ach gurb í sláinte an phobail an rud is tábhachtaí i gcónaí dúinn ar fad agus bhí sé sin le sonrú sa phlé ar fad.

Tá sé go maith go raibh na cruinnithe sin ag an Aire Stáit. Tá súil agam go raibh sé ionraic sna cruinnithe agus go ndúirt sé nár shíl seisean ná aon duine eile ag an staid seo go mbeadh coláistí samhraidh ag dul chun cinn i mbliana ar an mbealach a mbíodar á reáchtáil dhá bhliain nó trí bliana ó shin. Níl an phleanáil déanta. Ní féidir a bheith ag brath ar pháistí ná daltaí scoile díriú isteach air seo nó ag iarraidh ar na tuismitheoirí na cinntí sin a dhéanamh. B'fhéidir go mbeadh an tAire Stáit in ann smaoineamh air sa tslí atá luaite go dtí seo, ach ó thaobh airgid agus maoinithe de, measaim nach bhféadfadh aon choláiste samhraidh dul ar aghaidh má tá srian triúr curtha le líon na ndaltaí atá ag na mná tí agus má tá srianta breise ar na hallaí pobail agus na háiteanna ina mbíonn na coláistí samhraidh ag dul chun cinn. Cén uair a dhéanfar an cinneadh ionas go mbeidh a fhios ag gach duine nach bhfuil siad ag tarlú? Cén pacáiste cabhrach a bhfuil á chur i bhfeidhm ag an Aire Stáit dóibh sin?

Bhí sé thar a bheith tábhachtach agus tairbheach domsa go raibh deis agam labhairt le hionadaíocht na mná tí an tseachtain seo caite agus cloisteáil go díreach uathu sula ndéanfaidh aon chinneadh faoi seo ar fad. Maidir leis na himpleachtaí airgid i gcás nach bhfuil cúrsaí le dul ar aghaidh an samhradh seo, beidh orainn breathnú air sin ar fad agus féachaint cad is féidir a dhéanamh agus cad ba ghá a dhéanamh chun teacht i gcabhair le rudaí, mar a tharla anuraidh nuair a chur an Roinn ciste a raibh os cionn €4 milliún ann ar fáil do leas an chórais. Táimid ag dul tríd an phróisis sin anois.

Chuir gach duine fáilte roimh an bpacáiste sin anuraidh nuair a tháinig sé, mall mar a bhí sé, ach cén fáth nach bhfuil an cinneadh déanta i mbliana ag an staid seo? Cén fáth go raibh ar an Aire Stáit fanacht go dtí an staid seo chun bualadh leis na heagrais sin? De ghnáth, faoi mhí Eanáir nó mhí Feabhra, bíonn na coláistí samhraidh go huile is go hiomlán lán go doras. Bíonn na cinntí déanta ag na tuismitheoirí agus na daltaí freastail orthu. Tá an tAire Stáit a rá nach bhfuil cinneadh déanta go fóill agus go bhféadfadh na coláistí dul ar aghaidh. Is é an t-aon fháth go bhfuil sé sin ann ná nár bhuail an tAire Stáit le CONCOS ná leis na heagrais eile a mbíonn coláistí samhraidh acu go dtí le déanaí agus nach raibh an Roinn ionraic go leor le rá leo nach raibh seans ar bith ann go mbeidís in ann dul ar aghaidh i lár na pandéime. Ba chóir, ag an staid sin, go mbeadh an cinneadh déanta go mbeadh pacáiste tacaíochta ar fáil, agus bheadh gach duine i bhfad níos sásta.

Mar a dúirt mé leis an Teachta, tá próiseas ann. Bhí sé thar a bheith tábhachtach domsa agus don Roinn go mbeadh deis againn labhairt le hionadaithe na mná tí agus le CONCOS. Má leantar ar aghaidh le cúrsaí a reáchtáil faoi na treoirlínte seo, breathnóidh an Roinn ar na tacaíochtaí a theastóidh a bheith ar fáil chuige sin chun gnó a dhéanamh tarraingteach do na teaghlaigh agus do na coláistí araon. Mar a dúirt mé, táimid ag dul tríd an bpróiseas anois agus beimid i dteagmháil leis na coláistí agus na mná tí agus fir thí nuair a bheidh an próiseas seo críochnaithe.

Barr
Roinn