Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Gaelscoil Issues

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 28 April 2021

Wednesday, 28 April 2021

Ceisteanna (579)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

579. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Oideachais conas a fhreastalóidh sí ar an éileamh ar Ghaeloideachas ag an meánleibhéal i ndeisceart Bhaile Átha Cliath sa chomhthéacs ina bhfuil 850 dalta ar a cheann amuigh dó ar Ghaelscoileanna agus ina bhfuil Gaelscoil eile le bunú amach anseo timpeall Choill na Silíní agus ina mbeartaítear go n-osclófar meánscoil ann in 2022. [21756/21]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Chun pleanáil a dhéanamh do sholáthar scoileanna agus anailís a dhéanamh ar na sonraí déimeagrafacha ábhartha, roinneann mo Roinn an tír ina 314 limistéar pleanála scoile agus úsáideann sí Córas Faisnéise Geografaí, ag úsáid sonraí ó raon foinsí, lena n-áirítear Sochar Leanaí agus sonraí rollaithe scoile, chun a fháil amach cá háit a mbeidh éileamh ar áiteanna scoile ar fud na tíre agus cá háit a mbeidh gá le cóiríocht bhreise scoile ar leibhéal bunscoile agus iar-bhunscoile.

Nuair a thugann sonraí le fios go bhfuil gá le soláthar breise, braitheann seachadadh an tsoláthair bhreise sin ar chúinsí áirithe gach cáis agus féadfar an soláthar a chur ar fáil trí cheann amháin nó trí chumasc, díobh seo a leanas:

- Acmhainn neamhúsáidte laistigh de scoil nó scoileanna a úsáid,

- Acmhainn scoile nó scoileanna a leathnú,

- Scoil nó scoileanna nua a sholáthar. 

Mar is eol don Teachta, ó Aibreán 2018, tá pleananna fógartha ag an Rialtas chun 47 scoil nua a bhunú sna chéad cheithre bliana eile ó 2019 go 2022. Áiríodh air seo ceithre bhunscoil nua chun freastal ar cheantar Chathair Bhaile Átha Cliath/Baile Átha Cliath Theas.  Ba é toradh an phróisis phátrúnachta atá curtha i gcrích gur scoil Bhéarla a bheidh san iar-bhunscoil nua a fhreastalóidh ar limistéar pleanála scoile Baile an Bhóthair_An Charraig Dhubh agus Dún Laoghaire.  Leagtar amach i dtuarascáil mheasúnaithe na Roinne ina leith seo go bhfuiltear ag súil go mbeidh go leor áiteanna scoile eatarthu sna Gaelcholáistí sa cheantar chun freastal, sa ghearrthéarma, ar leibhéal an éilimh a sainaithníodh mar chuid den phróiseas pátrúnachta. Mar sin féin, i bhfianaise líon na ngaelscoileanna nua a osclaíodh le blianta beaga anuas nó atá beartaithe le hoscailt sa cheantar seo, beidh athbhreithniú gníomhach á dhéanamh ag mo Roinn de réir mar a fhásann na scoileanna seo agus de réir mar a thagann méadú ar líon na ndaltaí rang a sé i ngaelscoileanna.

Tá an tsamhail phátrúnachta agus an teanga theagaisc le cinneadh fós do na hiar-bhunscoileanna nua a fógraíodh chun freastal ar na limistéir pleanála scoile seo a leanas i mBaile Átha Cliath Theas: BÁC2_BÁC4 agus An Naigín_Cill Iníon Léinín_DLR / Coill na Silíní.

Barr
Roinn