Tá sé tugtha le fios ag Údarás na Gaeltachta nach eol dóibh go bhfuil cearta teanga á sárú ag aon chliantchomhlacht dá gcuid.
Dhearbhaigh an tÚdarás go mbíonn coinníollacha teanga curtha le aon tacaíocht deontais a chuireann siad ar fáil do chomhlachtaí nó d’eagraíochtaí dá gcuid de ghnáth.
Mar chuid den phlé le cliantchomhlachtaí i dtaca le gnó a bhunú nó a fhorbairt sa Ghaeltacht, tuigtear dom go meabhraítear dóibh an tábhacht atá leis an nGaeilge a chur chun cinn i ngach réimse dá ngnó. Tugtar le fios dóibh chomh maith go bhfuil tacaíocht an Údaráis coinníollach inter alia ar phlean teanga a bheith aontaithe leis an gcomhlacht agus go bhfuil íocaíochtaí deontas ag brath ar choinníollacha teanga a bheith comhlíonta.
Cuireann Údarás na Gaeltachta raon tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí chun cuidiú leo plean teanga a chur i bhfeidhm sa ghnó. Cuirtear na tacaíochtaí a leanas ar fáil mar chuid den chur chuige trí chéile:
- Comhairle, treoir agus tacaíocht ar fáil ón Oifigeach Teanga le Plean Teanga a aontú agus a chur i bhfeidhm sa ghnó;
treoirleabhar ar fáil ina bhfuil cur síos agus samplaí dea-chleachtais faoin bhealach leis an Ghaeilge a chur chun cinn sa ghnó, idir an chumarsáid labhartha agus scríofa, i bpolasaí earcaíochta agus oiliúna;
- comhairle i dtaca le dea-chleachtais úsáide téacs dátheangach;
- seirbhís aistriúcháin ar théacs d’fhógraí, do chomharthaí, do shuíomh idirlín agus rl.
- acaíocht ar fáil ar chostais a bhaineann le haistriúcháin, ábhar margaíochta, suíomh idirlín, comharthaíocht nua Ghaeilge/dhátheangach;
- comhairliúchán dearaidh ar fáil agus eolas faoi sheirbhísí priontála, faoi dhéantóirí chomharthaí;
- ranganna Gaeilge a eagrú ar iarratas nó soláthraítear eolas faoi ranganna sa chomharsanacht don bhainistíocht agus don fhoireann.
Le forfheidhmiú an phróisis Pleanála Teanga faoi lán seoil agus ag bailiú nirt i gcaitheamh an ama, tuigtear dom go mbíonn an tÚdarás ag coinneáil an raon tacaíochtaí seo faoi bhreithniú i dtreo gach deis a thapú chun cur lena gcuid tacaíochtaí réamhluaite de réir mar is féidir leo.