Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scéimeanna Tacaíochta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 29 June 2021

Tuesday, 29 June 2021

Ceisteanna (182)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

182. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an dtabharfaidh sí miondealú ar cé hiad atá ceaptha chun dáileadh a dhéanamh ar an €10,199,000 faoin bhfotheideal C.3, Scéimeanna Tacaíochta don Ghaeltacht, atá sonraithe sna Meastacháin Athbhreithnithe de chuid Vóta 33, agus ar cé hiad a gheobhaidh an t-airgead sin, agus an dtabharfaidh sí míniú ar an idirdhealú atá idir an maoiniú sin agus an tacaíocht a thugann Údarás na Gaeltachta don Ghaeltacht. [34589/21]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Faoi gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga de chuid na Roinne (C3) cuirtear idir airgead caipitil agus reatha ar fáil le cabhrú le feidhmiú foriomlán an phróisis pleanála teanga.

Maidir leis an ghné chaipitil a bhfuil soláthar €2.498m ar fáil dó sa bhliain reatha tuigfidh an Teachta nach féidir a bheith cinnte faoi chonas a dháilfear an soláthar sin; ní bheadh a leithéid d’eolas ar fáil go dtí deireadh na bliana. Is iondúil go ndáiltear é bunaithe ar na hiarratais a thagann chun cinn agus déantar gach iarratas a mheas, ar ndóigh, faoi réir chritéir an chláir.

Maidir leis an ghné reatha den chlár a bhfuil soláthar €7.699m ar fáil ina leith sa bhliain reatha, dáiltear an ciste bunaithe ar na héilimh éagsúla – ag cur san áireamh mar is cuí na cláir oibre chomhaontaithe a ndéantar a mhaoiniú ón gciste chomh maith, ar ndóigh, leis an dáileadh a bhaineann leis an trí scéim a mhaoinítear ón gciste eadhon: Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge, Scéim na gCúntóirí Teanga agus Scéim na gCampaí Samhraidh. Seo a leanas an dáileadh a bhain le 2020 i gcás na trí scéim sin:

- Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge - €4,516,973

- Scéim na gCúntóirí Teanga - €1,280,903

- Scéim na gCampaí Samhraidh Gaeltachta - €122,787.

Ina theannta sin, ar ndóigh, cuirtear cúnamh reatha ar fáil faoin gClár chun cabhrú le heagraíochtaí Gaeltachta agus Gaeilge cláir oibre comhaontaithe leis an Roinn a chur i bhfeidhm ar leas an phróisis pleanála teanga agus mar thaca d'fheidhmiú foriomlán na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus an Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-2022 lena mbaineann. I measc na bhforas agus eagraíochtaí a ndéantar a mhaoiniú faoin ghné seo den chlár reatha, tá Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge (OÉG) agus Comhairlí Chonnacht agus na Mumhan den CLG (Clár na gCluichí Gaelacha).

Cé go bhfuil fomhír C3 de chuid mo Roinne dírithe ar ghníomhaíochtaí a thacaíonn le cur i bhfeidhm an Phróisis Pleanála Teanga taobh istigh den Ghaeltacht, tácaíonn na cláir éagsúla eile atá á reáchtáil ag Údaras na Gaeltachta leis an bpróiseas chomh maith. Is féidir tuilleadh faisnéise maidir leis na cláir sin a fháil ag www.udaras.ie.

Barr
Roinn