Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Oideachas Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Thursday - 1 July 2021

Thursday, 1 July 2021

Ceisteanna (75)

Mairéad Farrell

Ceist:

75. D'fhiafraigh Deputy Mairéad Farrell den Aire Oideachais cén cúnamh atá ann do mhúinteoirí i meánscoileanna Ghaeltacht na nOileán, idir mheantóir, liúntas agus araile. [33303/21]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Is é príomhaidhm an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022, de chuid na Roinne Oideachais, ná úsáid na Gaeilge i bpobail Ghaeltachta a thacú agus a chothú trí sholáthar oideachais trí mheán na Gaeilge a neartú i limistéir phleanála teanga Gaeltachta. Ó cuireadh tús le feidhmiú an Pholasaí in 2017, tá maoiniú thart ar €14m curtha ar fáil do roinnt beart chun tacú le soláthar oideachais ardcháilíochta trí mheán na Gaeilge i scoileanna Gaeltachta. I measc na mbeart sin, áirítear seoladh na Scéime Aitheantais Scoileanna Gaeltachta a chuireann acmhainní spriocdhírithe breise ar fáil do scoileanna atá lonnaithe i limistéir phleanála teanga Gaeltachta chun a soláthar ar oideachas trí mheán na Gaeilge a thacú agus a fheabhsú.

Faoi láthair tá 105 bunscoil agus 29 iarbhunscoil Gaeltachta sa Scéim ag fáil uaireanta breise do thacaíocht teanga na Gaeilge, forbairt gairmiúil leanúnach breise atá á cur ar fáil ag an Comhairle um Oideachas Gaeltacht agus Gaelscolaíochta (COGG), deontas bliantúil de €1200 d’ábhair teagaisc trí mheán na Gaeilge a cheannach agus cuairteanna comhairleacha cigireachta breise. Ag leibhéal na hiarbhunscoile de, tugadh an deis do scoileanna páirt a ghlacadh sa thionscadal píolótach ríomh-mhoil, a bhaineann leas as soláthar foghlama cumaisce ar líne chun cur leis an raon ábhar atá ar fáil trí mheán na Gaeilge do scoláirí in iar-bhunscoileanna Gaeltachta, agus páirt a ghlacadh sa chlár Forás, a thugann tacaíocht teanga bhreise do dhaltaí i scoileanna roghnaithe chomh maith.

Tá pacáiste acmhainní ar leith, sa bhreis ar na tacaíochtaí atá ar fáil faoin Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta, á cur ar fáil do na hiarbhunscoileanna atá lonnaithe ar na hoileán chomh maith de bharr na dúshláin ar leith a bhíonn acu agus an tábhacht a bhaineann leis na scoileanna seo do bheogacht agus do chaomhnú phobail na n-oileán. Áirítear leithdháileadh breise múinteora agus buiséad imfhálaithe €15,000 breise in aghaidh na bliana do gach iar-bhunscoil ar na hoileáin chun costais oibríochtúla breise a chlúdach mar chuid den phacáiste tacaíochtaí seo.

Chomh maith le sin, le blianta beaga anuas, cuireadh roinnt beart i bhfeidhm chun na tairseacha ceapacháin agus coinneála i scoileanna beaga a fheabhsú, lena n-áirítear tairseacha rollaithe níos buntáistí do scoileanna le múinteoir amháin agus scoileanna ar na hoileáin. I measc na mbeart, áirítear laghdú aon phointe den chóimheas idir daltaí agus múinteoirí i scoileanna beaga le ceathrar múinteoir nó níos lú ón scoilbhliain 2020/21. Cabhróidh na bearta seo le laghdú ar an riosca de phoist múinteoirí a chailleadh sna scoileanna beaga nó dúnadh na scoileanna sin.

Ó 2019 ar aghaidh tugadh an deis don 5 iar-bhunscoileanna Gaeltachta ar oileáin páirt a ghlacadh sa tionscadal píolótach ríomh-mhoil a bhaineann leas as soláthar foghlama cumaisc ar-líne chun an raon roghanna ábhar atá ar fáil trí mheán na Gaeilge do scoláirí in iar-bhunscoileanna Gaeltachta a leathnú. Roghnaigh 3 iar-bhunscoil oileánda páirt a ghlacadh sa tionscadail r-Mol agus soláthraíodh acmhainní breise do na scoileanna seo lena n-áirítear maoiniú aonuaire (€ 5,000) do gach scoil chun trealamh teicneolaíochta a cheannach. Tá leithdháileadh breise de 4 uair an chloig teagaisc in aghaidh na seachtaine curtha ar fáil do gach ceann de na trí iar-bhunscoil rannpháirteacha ina bhfuil gá le r-mheantóir chun tacú le mic léinn.

Barr
Roinn