Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 6 July 2021

Tuesday, 6 July 2021

Ceisteanna (223)

Catherine Connolly

Ceist:

223. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta soiléiriú a thabhairt ar an aighneacht dhá leathanach a rinne a Roinn chuig Comhairle Contae na Gaillimhe maidir le hiarratas pleanála, uimhir thagartha 20/683, de chuid Údarás na Gaeltachta do Pháirc Mara sa Ghaeltacht, i gCill Chiaráin agus gan ach sé fhocal Gaeilge san aighneacht; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [35826/21]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

I mí an Mheithimh 2020 atreoraíodh iarratas ar Pháirc Mara sa Ghaeltacht, i gCill Chiaráin, Co. na Gaillimhe chuig an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán mar gheall ar a ról ag an am mar chomhairlí reachtúil faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú). Tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar fhaisnéis bhreise a fuarthas ar an iarratas ón údarás pleanála i mBealtaine 2021, eisíodh breathnuithe nuashonraithe a bhaineann le hoidhreacht ó mo Roinnse i Meitheamh 2021, tar éis feidhmeanna riaracháin agus oidhreachta na roinne a aistriú.

Féadfaidh an t-údarás aon aighneachtaí a dhéanann comhlachtaí forordaithe chuig údaráis phleanála a chur san áireamh agus a chinneadh á dhéanamh aige maidir leis an iarratas agus níl aon ról agam ina leith seo, ná ní féidir liom trácht a dhéanamh ar iarratais phleanála reatha.

Barr
Roinn