Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Caiteachas Gaeilge agus Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 13 July 2021

Tuesday, 13 July 2021

Ceisteanna (308)

Pearse Doherty

Ceist:

308. D'fhiafraigh Deputy Pearse Doherty den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an bhfuil an comhfhreagras faighte aici ó Choiste Mhná Tí Thír Chonaill an 11 Meitheamh 2021; an bhfuil freagra tugtha don ghrúpa sin; an bhfuil an tAire Stáit sásta cruinniú a eagrú leis an ngrúpa sin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [37537/21]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar is eol don Teachta, rinneadh cinneadh i mí Bealtaine nach bhféadfadh coláistí Gaeilge feidhmiú den dara bhliain as a chéile mar gheall ar COVID-19. Rinneadh an cinneadh sin ar bhonn comhdhearcaidh tar éis dom mar Aire Stáit dul i ndáil comhairle le páirtithe leasmhara - idir lucht lóistín an chórais, lucht stiúrtha na gcoláistí agus lucht stiúrtha hallaí pobail ábhartha na Gaeltachta araon. Níor mhiste a lua gur chuimsigh an cur chuige sin ar fad an deis chun aighneachtaí i scríbhinn faoin ábhar a chur faoi bhráid na Roinne ag an tráth sin.

Agus an cinneadh á dhéanamh, tógadh san áireamh an imní shuntasach a bhí le sonrú faoi shláinte phoiblí agus faoi shábháilteacht theaghlaigh Ghaeltachta agus phobail áitiúla i dtaca le COVID-19 dá reáchtálfaí cúrsaí samhraidh.

Mar chuid den chur chuige a bhain leis an gcomhairliúchán agus mar atá luaite agam eagraíodh sraith cruinnithe ar líne a raibh mé féin agus feidhmeannaigh mo Roinne i láthair ann  le hionadaíocht lucht lóistín chóras na gcoláistí Gaeilge. Is ar bhonn réigiúnach a eagraíodh na cruinnithe sin faoi leith agus cuimsíodh ar ndóigh ionadaíocht na mban tí atá bainteach le coláistí Gaeilge Ghaeltacht Thír Chonaill.

Ba é cuspóir na gcruinnithe ná tuairimí agus moltaí faoin ábhar a chloisteáil go díreach ó na páirthe leasmhara. In éindí le plé le hionadaíocht na mban tí ó na ceantair Ghaeltachta, bhí plé ann chomh maith ar ndóigh le scáthghrúpa na gcoláistí samhraidh iad féin, CONCOS chomh maith le grúpa ionadaíoch do na hallaí pobail Gaeltachta a mbaineann na coláistí samhraidh leas astu le haghaidh cóiríocht ranga agus siamsaíochta.

Bhí an plé sin ar fad thar a bheith tairbheach domsa mar Aire Stáit agus d'fheidhmeannaigh na Roinne agus chabhraigh sé go mór léargas níos fearr a fháil ar na deacrachtaí agus na tosaíochtaí comónta atá ag na páirithe leasmhara in earnáil na gColáistí Samhraidh  ó cheann ceann na Gaeltachta.

De thoradh an phlé, d'fhógair mé le déanaí go bhfuil ciste ar fiú €2.2m bunaithe agam chun teacht i gcabhair ar theaghlaigh cháilithe Ghaeltachta a chuireann lóistín ar fáil do lucht freastail na gcoláistí samhraidh. Tá an chistíocht á cur ar fáil de thoradh cúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht a bheith curtha ar ceal den dara samhradh as a chéile mar gheall ar COVID-19.

Tar éis an deis a bheith agam éisteacht go cúramach le hionadaíocht lucht lóistín an chórais agus le páirtithe leasmhara eile, ar ndóigh, is maith a thuigim na dúshláin ar leith atá roimh na pobail Ghaeltachta.

Ós rud é gurb é seo an dara bhliain as a chéile arbh éigean do chóras na gColáistí Gaeilge a chur ar ceal de bharr COVID-19, tá ardú ionann le 25% thairis an méid a íocadh anuraidh le tuairim is 700 teaghlach sa Ghaeltacht a chuireann lóistín ar fáil do lucht freastail na gcoláistí Gaeilge gach samhradh.

De thoradh seo is íocaíocht ionann le €5 in aghaidh an fhoghaimeora a chuirfear ar fáil seachas €4 mar a cuireadh ar fáil faoin gciste cobhsaithe a bunaíodh in 2020.

Maidir leis an ngrúpa a luaigh an Teachta, a tháinig chun cinn tar éis an phróisis thuasluaite, is féidir liom a dhearbhú don Teachta go bhfuarthas comhfhreagras uathu agus go bhfuil freagra tugtha air. Is féidir liom a dheabhú chomh maith gur labhair feidhmeannach mo Roinne le hionadaithe an ghrúpa sin le gairid agus go bhfuil a n-éileamh á mbreithniú.

Níor mhiste a lua áfach on aiseolas trí chéile atá faighte go dtí seo maidir leis an gcistíocht atá curtha ar fáil do thuairim is 700 teaghlach na scéime, go bhfuil fáilte trí chéile curtha roimh an mbeart. Níor mhiste dom a lua chomh maith go bhfuil iarratais ina leith á nglacadh agus á bpróiseáil ag an Roinn cheana féin.   

Barr
Roinn