Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Cúrsaí Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 27 July 2021

Tuesday, 27 July 2021

Ceisteanna (515)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

515. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an ndéanfaidh sí an taifead iomlán den Daonáireamh Ginearálta Speisialta ar Cheantair ina Labhraítear Gaeilge a rinne An Garda Síochána sa bhliain 1925, agus a cuireadh, de réir comhfhreagras a fuaireamar ón Aire Dlí agus Cirt, go Brainse Staidrimh na Roinne Tionscail agus Tráchtála a bhí ann ag an am, a fhoilsiú go luath agus sinn ag teacht suas go dtí céad bliain ó tugadh aitheantas Stáit don Ghaeltacht; cá bhfuil an taifead sin lonnaithe, agus an bhfuil aon chaomhnú, digitiú nó staidéar á dhéanamh ar na sonraí ann cheana féin. [39277/21]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar a chuir mé in iúl i mo freagra ar cheisteanna Dála 238, 239 agus 240 ar an ábhar chéanna, tá curtha in iúl ag an Phríomh-Oifig Staidrimh dom nach ndéantar rangú ar an Daonáireamh Speisialta Gaeltachta 1925 mar Dhaonáireamh Daonra, mar níor tugadh faoi faoin Acht Staidrimh 1993 nó faoi aon cheann de na hachtacháin aisghairmithe, agus mar sin ní bhaineann Alt 35 den Acht Staidrimh 1993 leis.

Cé go dtuigim gur thug an Garda Síochána faoin áireamh, a bhí mar dhlúthchuid d’obair Choimisiún na Gaeltachta sa bhliain 1925, níl fáil ar aon chóip den áireamh seo ag mo Roinnse nó ag an gCartlann Náisiúnta.

Is oth liom nach féidir le mo Roinn níos mó faisnéise a chur ar fáil ach má thagann an Teachta ar bhreis sonraí maidir leis an ábhar, is féidir leis teagmháil a dhéanamh le m'oifig.

Barr
Roinn