Is institiúidí féinrialaitheacha iad Ollscoileanna agus Institiúidí Teicneolaíochta agus cinneann siad a gcuid nósanna imeachta féin le haghaidh iontrála. Próiseálann an Lár-Oifig Iontrála (CAO) iarratais le haghaidh cúrsaí fochéime, agus le haghaidh roinnt cúrsaí iarchéime ar a son.
Déanann na hinstitiúidí ardoideachais cinntí maidir le hiontráil agus ansin treoraíonn siad don CAO áiteanna a thairiscint do na hiarrthóirí a n-éiríonn leo. Níl feidhm ar bith agam féin ná ag mo Roinn i dtaca leis na cúrsaí sin agus ní cuid de mo chúram critéir iontrála a chinneadh ná treoir a thabairt do na hInstitiúidí Ard-Oideachais tús áite a thabhairt do scoláirí ar leith.
Is córas é córas an CAO a fheidhmíonn ar an tuiscint gurb iad na gráid a bhaineann iarrthóirí amach san Ardteistiméireacht a chinneann a gcuid pointí. Is ar an mbonn sin a leithdháileann córas an CAO áiteanna ar iarrthóirí, iad siúd ó bhlianta éagsúla san áireamh. Chun neamhchlaontacht a chinntiú, cruthaíodh córais uathoibríocha pointí an CAO ar bhealach nach gceadaíonn caitheamh ar bhealaí éagsúla le foghrúpaí éagsúla, ná le scoláirí a bhfuil torthaí acu ó bhlianta éagsúla.
Ar mhaithe le haitheantas a thabhairt do na cúinsí ar leith a raibh ar scoláirí dul i ngleic leo i mbliana, d’oibrigh an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta leis an Údarás um Ard-Oideachas agus leis na hInstitiúidí Ardoideachais chun a fháil amach cá bhféadfaí áiteanna breise a sholáthar sa chóras ardoideachais. Mar thoradh air sin, chomh maith leis na háiteanna breise a cruthaíodh faoin Tionscnamh Caipitil Dhaonna, cruthaíodh 4,650 áit ar fud réimse leathan cúrsaí, beart a chinntigh go bhféadfaí áit ar chúrsa tríú leibhéal a thairiscint do níos mó scoláirí ná riamh roimhe seo.
Mar sin féin, bhí pointí an CAO luaineach i mbliana, mar a bhíonn gach bliain. De bhrí go raibh tacar torthaí na bliana seo níos láidre ná mar is gnách, agus go raibh líon na n-iarratas níos mó ná riamh, bhí níos mó luaineachta ann i mbliana ná mar a bheadh i ngnáthbhliain.
Chomh maith leis an ardoideachas, tá réimse roghanna ar fáil sa bhreisoideachas agus san oiliúint agus i bprintíseachtaí. D’fhéadfadh na roghanna sin bealach eile a sholáthar chun dul leis an ngairm is rogha le duine nó bealach eile isteach san ardoideachas a sholáthar. I gcás scoláirí nach n-éiríonn leo tairiscint a fháil maidir leis an gcúrsa a roghnaigh siad ar an gcéad dul síos, tá bealaí eile ar fáil dóibh chun teacht ar an gcúrsa is rogha leo.