Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Oideachas trí Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 29 September 2021

Wednesday, 29 September 2021

Ceisteanna (145)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

145. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Oideachais cá mhéad dalta atá ar an rolla i ngach Gaelcholáiste i mBaile Átha Cliath agus céard é uaslíon na ndaltaí is féidir a bheith i ngach ceann acu; agus céard iad na pleananna chun spás, ranganna agus foirgnimh bhreise a chruthú chun déileáil leis an éileamh ar an nGaeloideachas sna scoileanna sin nó i scoileanna eile. [47184/21]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Is mian liom a chur in iúl don Teachta go bhfuil sonraí clárúcháin do gach scoil ar fáil ar shuíomh Gréasáin mo Roinne ag www.gov.ie.

Baineann an teorainn de dhaltaí cláraithe le Pátrún na Scoile.

Ba mhaith liom comhairle a chur ar an Teachta freisin go bhfuil sonraí faoi na mórthionscadail reatha agus na Cóiríocht Bhreise Scoile (ASA) ar fáil ar shuíomh Gréasáin mo Roinne ag www.gov.ie.

Barr
Roinn