Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Cúrsaí Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 19 October 2021

Tuesday, 19 October 2021

Ceisteanna (409)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

409. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cé hiad na tograí a mhaoineofar leis an gcaipiteal breise ar luach €1 mhilliún atá molta don Ghaeltacht i mBuiséad 2022. [50754/21]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Is faoi gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga (CTPT) de chuid na Roinne a chuirtear idir airgead caipitil agus reatha ar fáil le cabhrú le feidhmiú foriomlán an phróisis pleanála teanga sa Ghaeltacht. Is iondúil go gcaitear ciste caipitil an chláir bunaithe ar na hiarratais agus tograí a thagann chun cinn ag aon am faoi leith - ag cur na dtosaíochtaí éagsúla san áireamh mar is cuí.

Mar a fógraíodh, beidh €1m breise (idir chaipiteal agus Reatha) san áireamh i bhFomhír C3 de Vóta mo Roinne don chlár CTPT in 2022 de thoradh Buiséad 2022. Is ionann seo agus ciste ar fiú  €11.2m in iomlán é do 2022.

Tá an t-ardú €1m comhdhéanta d'ardú €800k do chiste reatha an chláir agus €200k do chiste caipitil an chláir. Leanfar ag baint leasa as an gciste foriomlán chun cúram a dhéanamh de chur chun feidhme an raon bearta ábhartha a leagtar amach i bPlean Gníomhaíochta 2018-2022 an Rialtais don Ghaeilge.

Mar is iondúil ag an tráth seo bliana, beidh pleanáil chun tosaigh ar bun ag mo Roinn i dtreo cinntí a dhéanamh faoi chonas is fearr úsáid fhónta a bhaint as an gcistíocht bhreise ar leas fhorfheidhmiú na Straitéise 20-Bliain agus an Phlean Gníomhaíochta lena mbaineann.

Barr
Roinn