Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Creimeadh Cósta

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 3 November 2021

Wednesday, 3 November 2021

Ceisteanna (181)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

181. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail an bhfuil i gceist aici airgead a chur ar fáil le creimeadh cósta a mhaolú ar oileáin (sonraí tugtha); agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [53477/21]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar is eol don Teachta, bíonn clár mionoibreacha caipitil á reáchtáil ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail le haghaidh na hoileáin gach bliain.

Iarrtar ar na hÚdaráis Áitiúla atá freagrach d'oileáin atá scartha amach ón mór thír agus ar a bhfuil pobal seasta ina gcónaí orthu, liosta de mhionoibreacha a theastaíonn uathu tabhairt fúthu ar na hoileáin le tacaíocht na Roinne a sholáthar. Chun na tograí a chur i gcrích déantar iad a chomh-mhaoiniú idir an Roinn agus an Údarás Áitiúil.

I gcásanna áirithe déantar na cineálacha tograí atá luaite ag an Teachta a mhaoiniú tríd an scéim seo. Níl aon iarratas reatha ag an Roinn maidir leis na tograí a bhfuil tagairt déanta ag an Teachta dóibh ach tá sé oscailte don Údarás Áitiúil iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú i 2022 agus déanfar é a mheas sa gnáth bhealach.

Barr
Roinn