Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scéimeanna agus Tacaíochtaí Tithíochta

Dáil Éireann Debate, Thursday - 11 November 2021

Thursday, 11 November 2021

Ceisteanna (103)

Marc Ó Cathasaigh

Ceist:

103. D'fhiafraigh Deputy Marc Ó Cathasaigh den Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta cad iad a tuairimí maidir le tacú le hiarrachtaí chun tithíocht phobalbhunaithe a fhorbairt sa Ghaeltacht; agus an gcuirfear talamh poiblí ar fáil sa Ghaeltacht chun tithíocht inacmhainne a fhorbairt; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [54839/21]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Seachadann an Straitéis Tithíochta do Chách tiomantas an Chláir Rialtas inacmhainneacht a chur i gcroílár an chórais tithíochta. Cuirtear maoiniú os cionn €4 billiún ar fáil gach bliain, ag léiriú an leibhéal is airde riamh d’infheistíocht Rialtais i dtógáil tithíochta sóisialta agus inacmhainne.  

Seachadfar 54,000 teach inacmhainne go náisiúnta idir seo agus 2030, le héascú trí raon beart ag údaráis áitiúla, Comhlachtaí Ceadaithe Tithíochta, an Ghníomhaireacht Forbartha Talún agus trí chomhpháirtíocht straitéiseach idir an Stát agus bainc mhiondíola.

Beidh ullmhú Pleananna Gníomhaíochta um Sheachadadh Tithíochta ag Údaráis Áitiúla mar bhonn ag seachadadh tithíochta inacmhainne, de réir Scéim Ceannaigh Inacmhainne an Údaráis Áitiúil, a bunaíodh i gCuid 2 den Acht um Thithíocht Inacmhainne 2021.

Beidh Údaráis Áitiúla ag cur a bpleananna faoi bhráid chugam, chun tithíocht shóisialta agus inacmhainne a chur san áireamh, roimh dheireadh mhí na Nollag 2021. Ligfidh sé seo do gach Údarás Áitiúil, lena n-áirítear iad siúd atá ag feidhmiú sna ceantair Ghaeltachta, aon srianta inacmhainneachta ina gceantair a chinneadh, bunaithe ar an Measúnú ar Riachtanas agus ar Éileamh ar Thithíocht agus soláthar tithe inacmhainne a phleanáil dá réir.

Cinnteoidh an Rialtas soláthar leordhóthanach de thalamh criosaithe seirbhíse atá ar fáil, lena n-áirítear tailte Stáit a sholáthar don LDA, a bheidh in ann freastal ar suas le 15,000 teach. Tá ról lárnach ag Údaráis Áitiúla agus baill tofa maidir le dóthain talún a chriosú chun riachtanais tithíochta cónaithe a chomhlíonadh, agus ag an am céanna urramaíonn siad na ceanglais maidir le forbairt réigiúnach chothromaithe agus an gá atá le sraoilleáil uirbeach a chosc.

De bhreis air sin, déantar foráil i gCuid 4 den Acht um Thithíocht Inacmhainne don Scéim Cothromais Roinnte Ceannaigh Inacmhainne ‘An Chéad Bhaile’, a thosóidh i 2022 agus a bheidh ar fáil i ngach contae. Tá an Scéim Cabhair le Ceannach agus Scéim Iasachtaí um Cheannach Tí an Údaráis Áitiúil fós ar fáil go náisiúnta agus déanann siad tithíocht níos inacmhainne do cheannaitheoirí.

Beidh na scéimeanna seo díríthe go príomha ar cheannaitheoirí céaduaire, sna ceantair Údaráis Áitiúil sin a bhfuil an riachtanas tithíochta agus na dúshláin inacmhainneachta is mó acu, toisc go bhfuil bearta inacmhainneachta dírithe orthu siúd nach bhfuil in ann cíosanna margaidh a íoc faoi láthair nó orthu siúd a dteastaíonn cúnamh uathu chun a dtithe féin a cheannach, seachas codanna den phobal. Beidh catagóirí eile incháilithe freisin, lena n-áirítear daoine a d’fhulaing cliseadh caidrimh nó dócmhainneacht phearsanta.

Questions Nos. 104 to 111, inclusive, answered orally.
Barr
Roinn