Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Thursday - 11 November 2021

Thursday, 11 November 2021

Ceisteanna (108)

Catherine Connolly

Ceist:

108. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán maidir le Ceist Pharlaiminte Uimhir 12 ar an 5ú Deireadh Fómhair 2021, an dtabharfaidh sí soiléiriú ar an athbhreithniú atá idir lámha ag Údarás na Gaeltachta ar na córais agus ar an gcur chuige atá i bhfeidhm ag an údarás faoi láthair chun tacú le cur chun cinn na Gaeilge sna cliantchuideachtaí agus ar na bealaí a dhéantar an t-ábhar a bhaineann leo a riaradh; cathain a chríochnófar tuarascáil an athbhreithnithe; cathain a fhoilseofar tuarascáil an athbhreithnithe; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [55213/21]

Amharc ar fhreagra

Freagraí ó Béal (6 píosaí cainte)

Tá soiléiriú ag teastáil uaim ar an athbhreithniú atá idir lámha ag Údarás na Gaeltachta ar na córais agus ar an gcur chuige atá i bhfeidhm ag an údarás faoi láthair chun tacú le cur chun cinn na Gaeilge sna cliantchomhlachtaí agus ar na bealaí a dhéantar an t-ábhar a bhaineann leo a riaradh. Cathain a chríochnófar tuarascáil an athbhreithnithe agus cén uair a fhoilseofar é?

Maidir leis an athbhreithniú atá idir lámha ag Údarás na Gaeltachta ar na córais agus an cur chuige in áit aige faoi láthair i dtaca le cur chun cinn na Gaeilge sna cliantchuideachtaí, tá sé curtha in iúl dom ag an údarás go bhfuil trí chéim san obair athbhreithnithe inmheánach seo.

Bhain an chéad chéim le hathbhreithniú ar riachtanais na heagraíochta mar a bhaineann sé le cothú na teanga i gcliantchomhlachtaí agus ar na córais riaracháin agus tuairiscithe inmheánacha atá i bhfeidhm le pleananna teanga a aontú agus le monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na bpleananna teanga sin. Tuigtear dom go bhfuil an chéad chéim den athbhreithniú críochnaithe agus tá céimeanna tógtha cheana féin chun tús a chur le moltaí a tháinig ón athbhreithniú a chur i bhfeidhm. Baineann na moltaí sin le córais inmheánacha lárnach agus ar líne a fhorbairt chun an obair thuairiscithe agus mhonatóireachta a dhéanamh níos éifeachtaí; ról na foirne in aontú pleananna teanga a thabhairt chun tosaigh níos luaithe sa phróiseas nuair atá fiosrúchán faighte ó ghnólachtaí atá ag iarraidh gnó a bhunú nó a fhorbairt sa Ghaeltacht; an gá atá le pleananna teanga a aontú ag tabhairt san áireamh riachtanais an chliaint féin, an ceantar ina bhfuil siad lonnaithe, an margadh ar a bhfuil siad dírithe agus an earnáil ina bhfuil siad ag feidhmiú; agus an gá atá le tacaíochtaí breise agus nuálaíocht a thairiscint chun na cliantchomhlachtaí a spreagadh agus a mhealladh leis an nGaeilge a chur chun cinn sa ghnó go hinmheánach agus go seachtrach.

Tuigtear dom chomh maith go bhfuil tús curtha leis an dara gné den obair anois ina mbeidh taighde á dhéanamh ar na cliantchomhlachtaí féin agus a gcuid fostaithe le heolas agus tuairimí a bhailiú uathu a bheidh mar bhunús do chlár tacaíochta nua a fhorbairt dírithe ar na cliaint a mhealladh agus a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid agus a chur chun cinn ina ngnólachtaí, go hinmheánach agus go seachtrach.

Bainfidh an tríú gné den obair athbhreithnithe seo le cur i bhfeidhm na moltaí a thiocfaidh ón obair thaighde ar na cliantchomhlachtaí agus le forbairt ábhair agus tacaíochtaí breise a bheidh mar chuidiú leis na spriocanna thuas a bhaint amach.

Tá sé soiléir anois go bhfuil athbhreithniú i gceist, go bhfuil an chéad chéim críochnaithe agus go bhfuil an t-údarás i mbun oibre leis an dara céim. Cén uair a thosaigh an t-athbhreithniú seo agus cathain a bheidh sé críochnaithe? Cé atá i mbun oibre: an próiseas inmheánach nó a bhfuil foireann sheachtrach i gceist?

Tá an t-ábhar seo thar a bheith tábhachtach. Mar is eol don Aire Stáit, tá ardmheas ag muintir na Gaeltachta ar fud na tíre ar obair Údarás na Gaeltachta. Bhí beagnach 8,000 duine fostaithe aige faoi dheireadh 2020. Níl mé ag iarraidh aon rud a rá faoin údarás ach amháin go bhfuil trí ghné de na freagrachtaí atá air: a bheith tiomanta don Ghaeilge a chothú agus a chur chun cinn; an pobal a chothú sna Gaeltachtaí; agus fostaíocht. Tá trí ghné i gceist agus, mar chúlra do mo cheist, tá mise ag díriú ar thábhacht na Gaeilge i measc na monarchana.

Mar is eol don Teachta, tá straitéis nua ag Údarás na Gaeltachta chun an Ghaeilge a chothú agus a neartú ar fud na tíre, agus bhí mé i nDún na nGall chun é a fhoilsiú i rith an tsamhraidh. Tríd an mbuiséad nua agus buiséad na bliana seo chugainn, ba mhian leis an údarás an straitéis seo a chur i bhfeidhm. Tá sé i mbun athbhreithnithe agus ag dul trí na céimeanna chun an taighde a dhéanamh faoi láthair. Tá an t-údarás ag iarraidh an taighde seo a chríochnú, chun monatóireacht níos éifeachtaí a dhéanamh, chomh luath agus is féidir. Níl dáta agam nuair a bheidh an taighde seo críochnaithe. Tá an próiseas seo atá á chur i gcrích an-tábhachtach. Beidh mé i dteagmháil le hÚdarás na Gaeltachta agus b’fhéidir go mbeidh dáta aige. Fad is atá an t-údarás i mbun an taighde seo, tá sé tábhachtach go mbeadh sé i dteagmháil le gach cliantchomhlacht chun an obair seo a dhéanamh.

Tá an straitéis sin ar eolas agam agus tá sí léite agam agus tuigim go bhfuil cúig chuspóir faoi leith inti. Is é an rud is tábhachtaí ná go gcuirtear tús leis an taighde. Tá sé tábhachtach a chur in iúl dom cén uair a thosaigh an taighde agus cathain a bheidh sé críochnaithe, agus an bhfoilseofar é. Is cuid lárnach é seo den ról atá aige chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Ní raibh monatóireacht éifeachtach i gceist go dtí seo. Ar a laghad tá sé sin admhaithe ag Údarás na Gaeltachta anois agus tá tús curtha leis an bpróiseas seo. Tá sé tábhachtach fostaíocht a mhealladh; gan é ní bheadh Gaeltacht ann. Chomh maith leis sin, gan an polasaí ceart ó thaobh na teanga de, ní bheadh Gaeltacht ann ach oiread. Tá an dá rud fite fuaite le chéile. Is é seo an chéad uair a bhfuil monatóireacht éifeachtach i gceist. Tá sé tábhachtach soiléiriú a thabhairt dom. Cén uair a thosaigh an taighde? Cén uair a bheidh sé críochnaithe? Cé atá taobh thiar de? An bhfoilseofar na torthaí?

Mar a dúirt mé, tá sé curtha in iúl dom ag an údarás go bhfuil an chéad chéim críochnaithe den athbhreithniú inmheánach seo ar na córais agus ar an gcur chuige atá i bhfeidhm. Maidir le cur chun cinn na Gaeilge sna cliantchomhlachtaí, mar thoradh ar an gcéad chéim sin, tá sraith moltaí curtha le chéile chun feabhas a chur ar an bpróiseas seo ar fad, ní hamháin chun pleananna teanga a fhorbairt agus a aontú leis na cliantchomhlachtaí, ach chun monatóireachta níos éifeachtaí a dhéanamh orthu.

An dara céim atá le glacadh ag an údarás mar chuid den athbhreithniú ná taighde a dhéanamh leis na cliantchomhlachtaí agus a gcuid fostaithe maidir lena gcuid smaointí chun an Ghaeilge a chur chun cinn ina ngnólachtaí, go hinmheánach agus go seachtrach. Tuigtear dom go bhfuil tús curtha leis an obair seo.

Is í an chéim dheiridh ná na moltaí a eascraíonn as an taighde seo a chur le chéile agus a chur i bhfeidhm ar mhaithe leis na spriocanna teanga a bhaint amach.

Barr
Roinn