Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Straitéisí Ranna

Dáil Éireann Debate, Thursday - 11 November 2021

Thursday, 11 November 2021

Ceisteanna (153)

Aindrias Moynihan

Ceist:

153. D'fhiafraigh Deputy Aindrias Moynihan den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cén straitéis a chuirfear i bhfeidhm chun cúrsaí Gaeilge a chur chun cinn i gcathair Chorcaí. [55081/21]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar is eol don Teachta, tá an próiseas pleanála teanga á chur chun feidhme i Limistéir Pleanála Teanga, Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus i Líonraí Gaeilge faoi Acht na Gaeltachta, 2012.  Faoin bpróiseas, tugtar tréimhse dhá bhliain don cheanneagraíocht a roghnaítear chun plean teanga a chur faoi bhráid na Roinne le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta nó Foras na Gaeilge, mar is cuí. 

Maidir le Cathair Chorcaí, tar éis fógra poiblí faoinar lorgaíodh iarratais, roghnaigh Foras na Gaeilge an eagraíocht Gael Taca mar cheanneagraíocht chun plean teanga a ullmhú agus a fheidhmiú don chathair in 2018.  Ar an drochuair, níor cuireadh dréachtphlean teanga faoi bhráid mo Roinne laistigh den thréimhse dhá bhliain a bhí leagtha síos.  Tá roinnt cruinnithe tionólta idir mo Roinn, Foras na Gaeilge agus Gael Taca le tamall anuas ag a pléadh todhchaí an phlean teanga ach níor thángthas ar aon socrú ina leith go fóill.  Is féidir liom a dheimhniú go bhfuil mé fhéin agus mo Roinn tiomanta do phlean teanga a aontú do Chathair Chorcaí.  

Anuas ar an obair a bhí ar bun ag Gael Taca maidir leis an bplean teanga, bhí mo Roinn ag cur maoinithe ar fáil don eagraíocht le blianta fada anuas chun an Ghaeilge a chur chun cinn i gcathair Chorcaí.  Tháinig deireadh leis an gcomhaontú is déanaí a bhí ag mo Roinn leis an eagraíocht i Nollaig 2020.  I láthair na huaire agus de bharr thábhacht Chathair Chorcaí mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta ach go háirithe, tá mo Roinn ag breathnú ar na féidearthachtaí eile réimse de shéirbhísí teanga a sholáthar sa chathair.

Barr
Roinn