Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scéimeanna Rannach

Dáil Éireann Debate, Thursday - 11 November 2021

Thursday, 11 November 2021

Ceisteanna (165)

Mairéad Farrell

Ceist:

165. D'fhiafraigh Deputy Mairéad Farrell den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an ndéanfaidh sí athbhreithniú ar Scéim na mBóithre Áise a thabhairt ar ais do na Ceantair Ghaeltachta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [54838/21]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá Scéim na mBóithre Áise, a bhfuil an Teachta ag tagairt di, curtha ar fionraí le roinnt blianta anois.  Faoin scéim sin, chuirtí airgead ar fáil do na húdaráis áitiúla ar mhaithe le hobair dheisiúcháin a dhéanamh ar bhóithre cáilithe faoi leith  sa Ghaeltacht. 

Ar nós a leithéid de bhóithre lasmuigh den Ghaeltacht, is ar na húdaráis áitiúla atá an fhreagracht maidir lena leithéid de bhóithre a chothabháil agus a dheisiú anois. 

Barr
Roinn