Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Pleanáil Teanga

Dáil Éireann Debate, Thursday - 11 November 2021

Thursday, 11 November 2021

Ceisteanna (171)

Aindrias Moynihan

Ceist:

171. D'fhiafraigh Deputy Aindrias Moynihan den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cad iad na pleananna atá ann chun maoiniú Bhuiséad 2022 a leithdháileadh ar an bpróiseas pleanála Gaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [55082/21]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Baintear leas as fomhír C.10 de chuid mo Roinne le cúram a dhéanamh d'fheidhmiú an Phróisis Pleanála Teanga. Is buiséad de €5.8m atá fógartha do phróiseas i 2022.

Dáiltear sciar den chiste ar bhonn bliantúil ar Údarás na Gaeltachta agus ar Fhoras na Gaeilge faoi seach atá freagrach, faoi réir fhorálacha Acht na Gaeltachta 2012, ar stiúir a dhéanamh ar fheidhmiú an phróisis mar a bhaineann sé leo. 

Fógraíodh níos luaithe i mbliana go bhfuil maoiniú suas le €2,751,000 ceadaithe d’Údarás na Gaeltachta agus €653,500 d’Fhoras na Gaeilge ó chiste reatha 2021.  Bainfidh na heagraíochtaí sin úsáid as an maoiniú sin chun tacú le hullmhú agus feidhmiú pleananna teanga anuas ar thacaíochtaí eile a chur ar fáil don phróiseas. Tacaíonn Údarás na Gaeltachta le pleananna teanga sa Ghaeltacht agus tacaíonn Foras na Gaeilge le pleananna teanga lasmuigh den Ghaeltacht.  Níl cinneadh déanta go fóill faoin mbuiséad a bheidh ar fáil do na heagraíochtaí sin i 2022 ach aontófar buiséad cuí leo ón gciste atá ar fáil go luath san athbhliain.

Anuas air sin, chun tacú leis an bpróiseas pleanála teanga, cuirtear maoiniú ar fáil ón gciste C.10 do na hearnálacha: na luatbhlianta, an teaghlach agus na healaíona traidisiúnta. Mar chuid den cur chuige seo, ceadaíodh allúntas trí bliana ar fiú €1,600,522 i mbliana don eagraíocht: Tuismitheoirí na Gaeltachta chun go leanfaidís ar cur seirbhísí ar fáil i réimse an teaghlaigh sa Ghaeltacht. Ón allúntas sin, is suas le €535,062 atá ceadaithe do 2022.

Tá allúntas de €425,000 in aghaidh na bliana ceadaithe faoi láthair d'Ealaín na Gaeltachta ón gciste chomh maith chun cuidiú leo tacaíochtaí a chur ar fáil do na healaíona traidisiúnta a dírítear go príomha ar aos óg na Gaeltachta.

Maidir le gnóthaí luatbhlianta, tá plé ar bun faoi láthair i gcomhar leis an Údarás agus Comhar Naíonraí na Gaeltachta faoi chomhaontú maoinithe úr a shocrú.  

Ina theannta sin, baintear leas as an gciste chun maoiniú ar fiú €75,000 thar tréimhse trí bliana a chur ar fail don togra Fighting Words ar mhaithe le deiseanna breise sealbhaithe agus saibhrithe Gaeilge a chur ar fáil d'aos óg na Gaeltachta tríd an tionscnamh faoi leith seo.

Is fiú a lua go bhfuil fás de réir a chéile ag teacht ar an bpróiseas pleanála teanga agus faoi láthair, tá 31 plean ceadaithe idir na Limistéir Pleanála Teanga, na Bailte Seirbhíse Gaeltachta agua na Líonraí Gaeilge.  Tiocfaidh fás ar an bhfigiúr sin le linn 2022 agus beidh ciste meadaithe C.10 ann chun freastal ar an méadú sin.

Barr
Roinn