Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Earcaíocht san Earnáil Phoiblí

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 30 November 2021

Tuesday, 30 November 2021

Ceisteanna (298, 361)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

298. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Oideachais cén fáth nár áiríodh inniúlacht sa Ghaeilge sa bhfógra do phost an Ard-Rúnaí sa Roinn Oideachais a bhfuil an 9 Nollaig mar dháta deiridh. [59024/21]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

361. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Oideachais an síleann sí nár mhór Gaeilge a bheith ag Ard-Rúnaí na Roinne Oideachais chun a chuid dualgas i leith na teanga náisiúnta a chomhlíonadh i bhfianaise a lárnaí is atá sí sa chóras oideachais. [59023/21]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Molaim Ceisteanna Uimh. 298 agus 361 a fhreagairt le chéile.

Tá an próiseas ó thaobh Ard-Rúnaí nua a earcú á stiúradh ag an gCoiste um Cheapacháin Ardleibhéil. Tá an sainchuntas ar an bpost seo bunaithe ar chreat inniúlachta an Choiste um Cheapacháin Ardleibhéil chun Ard-Rúnaithe sa Státseirbhís a cheapadh.

Beidh an té a cheapfar mar Ard-Rúnaí freagrach as bainistiú agus ceannaireacht a dhéanamh ar mo Roinnse. Leagtar amach i gClár an Rialtais agus i Ráiteas Straitéise mo Roinne na gealltanais i ndáil leis an nGaeilge sa chóras oideachais agus beidh mé ag obair le pé duine a roghnófar mar Ard-Rúnaí d'fhonn an cúram seo a chur ar aghaidh agus chun tacú le Straitéis 20 Bliain an Rialtais don Ghaeilge a chur i ngníomh.

Barr
Roinn