Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seirbhísí Farantóireachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 7 December 2021

Tuesday, 7 December 2021

Ceisteanna (99)

Pearse Doherty

Ceist:

99. D'fhiafraigh Deputy Pearse Doherty den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail cad é stádas an bháid farantóireachta nua atá saincheaptha d’Oileán Thoraí; cén uair a bheidh an bád réidh le seoladh; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [59967/21]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar is eol don Teachta tá dearadh agus coimisiúnú an bháid fharantóireachta nua do Oileán Thoraí ag braith ar cíbé forbairt a dhéantar ar an chéibh ag Machaire Rabhartaigh ar an mórthír as a dheantar freastal ar Oileán Thoraí. Tá dlúth nasc idir an dá thionscadal agus tá siad beirt liostáilte faoin bPlean Forbartha Náisiúnta 2040.

Cé gur ar Chomhairle Contae Dhún na nGall atá freagracht as an gcé ag Machaire Rabhartaigh, tuigtear dom go bhfuil oifigigh mo Roinne ag obair go coinsiasach le Comhairle Chontae Dhún na nGall chun plean gnó don fhorbairt ar Ché Machaire Rabhartaigh a chur chun cinn.

A luaithe agus atá soiléireacht maidir leis an rogha forbartha don ché ag Machaire Rabhartaigh, ansin beifear ábalta tabhairt faoi na céimeanna i dtreo an bháid nua a choimisiniú.

Mar sin, tá sé ró- luath sa phróiseas forbartha ag an am seo chun amchlár a thabhairt ar sholáthar an bháid nua, ach é sin ráite is feidir liom a dheimhniú don Teachta go bhfuil mo Roinn tiomanta chun an dá fhiontar a sheachadadh a luaithe agus is féidir, d'fhonn réiteach fad téarmach ar rochtain réidh chuig an oileán a sholáthar.

Barr
Roinn