Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Oideachas Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Thursday - 24 February 2022

Thursday, 24 February 2022

Ceisteanna (308)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

308. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais céard iad na hacmhainní airgid breise atá á gcur ar fáil in 2022 leis an mbeartas nua don Oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht a fhorbairt; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [10641/22]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá polasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh de cheantair Ghaeltachta á fhorbairt ag mo Roinn faoi láthair. Is í aidhm an pholasaí nua seo ná creat a chur ar fáil chun oideachas lán-Ghaeilge ar ardchaighdeán a sholáthar lasmuigh de cheantair Ghaeltachta. Tá forbairt an pholasaí nua mar ghníomh tosaíochta chun cuspóirí na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus Chlár an Rialtais a bhaint amach chun soláthar oideachais don Ghaeilge a neartú.

Bunaíodh grúpa oibre ionrannach laistigh de mo Roinn in 2021 chun an obair thábhachtach seo a chur chun cinn. Beidh an grúpa oibre seo ag díriú ar phróiseas comhairliúcháin a fhorbairt chun rannpháirtíocht fhorleathan na bpáirtithe leasmhara a spreagadh chun bonn eolais a chur faoin bpróiseas forbartha polasaí. Tá sé i gceist freisin go ndéanfar athbhreithniú ar litríocht náisiúnta agus idirnáisiúnta trí phróiseas tairisceana.

Tá Grúpa Stiúrtha á bhunú freisin chun maoirseacht, treoir agus tacaíocht a chur ar fáil don phróiseas forbartha polasaí.

Barr
Roinn