Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Cúrsaí Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Thursday - 24 February 2022

Thursday, 24 February 2022

Ceisteanna (78)

Marc Ó Cathasaigh

Ceist:

78. D'fhiafraigh Deputy Marc Ó Cathasaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán conas a thacófar le Coláistí Gaeilge Gaeltachta a athoscailt do mhic léinn i 2022; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [10308/22]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar atá luaite agam cheana féin agus an t-ábhar seo idir chamáin, is ar an mbunús agus ar an tnúthán go mbeidh na coláistí Gaeilge athoscailte in mbliana atá an Roinn ag feidhmiú agus, dá réir, gur tríd an gcúnamh leanúnach a chuirtear ar fáil faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge a bheidh an Roinn ag teacht i gcabhair ar an earnáil go príomha mar a bhaineann sé le cúrsaí maoinithe in mbliana.

Mar is eol don Teachta, tá Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge (SFG) á riar ag mo Roinn ar mhaithe le tacú le deiseanna breise sealbhaithe agus saibhrithe teanga a chur ar fáil sa Ghaeltacht do lucht freastail iar-bhunscoileanna agus triú leibhéal na tíre. Tagann an scéim le cuspóirí foriomlána an Rialtais i leith na Gaeilge mar atá leagtha amach sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010–2030.

Beidh a fhios ag an Teachta gur bhunaigh mo Roinn trí chiste faoi leith anuraidh ar leas na hearnála arbh fhiú €4m in iomlán iad. Bhain ceann acu - ar luach €2.2m - le lucht lóistín an chórais mar is eol don Teachta. Níl aon amhras orm ach gur chabhraigh sé seo uile leis an earnáil teacht tríd na dúshláin arbh éigean dúinn uile mar phobal a iompar le beagnach dhá bhliain anuas de bharr na paindéime ach tá muid ag súil le filleadh ar an ngnáthshaol i mbliana.

Mar bheart breise le cabhrú tuilleadh leis an earnáil, tá áthas orm a dheimhniú go bhfuil mo Roinn sásta aitheantas a thabhairt faoin Scéim do ghearrchúrsaí Gaeilge nach giorra ná 3 oíche mar bheart eisceachtúil chun cabhrú tuilleadh le téarnamh na hearnála. Tabharfaidh sé seo deis bhreise do scoláirí a chaill amach ar an deis freastal ar chúrsaí sa Ghaeltacht le dhá bhliain anuas de bharr COVID-19

Ach an oiread le gach réimse eile atá faoi mo chúram mar Aire Stáit na Gaeltachta, coinneoidh mo Roinn ag coinneáil chás na hearnála faoi bhreithniú agus tapófar le aon deis chuí a thagann chun cinn chun cabhrú tuilleadh - i gcomhthéacs na n-acmhainní atá ar fáil agus ag cur éilimh eile san áireamh mar is cuí.

Ach an oiread leis an earnáil trí chéile táim ag súil go mbeidh athoscailt iomlán i ndán don earnáil sa tréimhse atá amach romhainn agus go bhfeicfimid scoláirí ag freastal ar chúrsaí Gaeilge i gcaitheamh an tsamhraidh fud fad na Gaeltachta.

Questions Nos. 79 to 88, inclusive, answered orally.
Barr
Roinn