Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Oibreacha Feabhsúcháin do Scoileanna

Dáil Éireann Debate, Thursday - 10 March 2022

Thursday, 10 March 2022

Ceisteanna (203)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

203. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an mbeadh sí sásta i bprionsabal deontas a chur ar fáil le haghaidh halla scoile ar oileán Gaeltachta ó tharla go bhfuil ráite ag an Aire Oideachais nach bhfuil aon mhaoiniú ag a Roinn do thionscadail dá leithéid faoi láthair; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [13684/22]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Cuireann mo Roinn cúnamh caipitil ar fáil faoi Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga na Roinne chun cabhrú le forbairt bhonneagar pobail agus teanga na Gaeltachta - lena n-áirítear oileáin Ghaeltachta.

I gcás áiseanna scoile den chineál atá luaite ag an Teachta, b'iondúil gurb í an Roinn Oideachais a dhéanfadh cúram den chineál sin cáis faoin na scéimeanna atá aici ar an gcéad dul síos.

Moltar don Teachta pé scoil oileánda atá i gceist a chur i dteagmháil le mo Roinn le go bhféadfaí comhairle a chur orthu de réir mar is gá.

Barr
Roinn