Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Gníomhú ar son na hAeráide

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 10 May 2022

Tuesday, 10 May 2022

Ceisteanna (322)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

322. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an bhfuil i gceist aici deontas speisialta a thabhairt isteach chun uasghrádú a dhéanamh ar an ráta BER atá ag hallaí pobail sa Ghaeltacht bunaithe ar bheartas 79 den Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [23376/22]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Cuireann mo Roinn cúnamh caipitil ar fáil faoi Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga na Roinne chun cabhrú le forbairt bhonneagar pobail agus teanga na Gaeltachta ar a n-áirítear uasghrádú a dhéanamh a dhéanamh ar fhoirgnimh.

Táim ar an airdeall gur fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail ciste caipitil nua le gairid ar fiú suas le €15 milliún é chun tacú le grúpaí pobail chun Ionaid Phobail a uasghrádú agus a athchóiriú lena n-áirítear foirgnimh a fheistiú chun astúchán a laghdú agus éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú. Tá eolas bresie le fáil ina leith ar shuíomh na Roinne sin ag: www.gov.ie/ga/preasraitis/22be2-minister-humphreys-announces-details-of-new-15-million-community-centre-fund/

Tá an cheist trí chéile maidir le cúnamh féideartha faoi chlár na Roinne á breithniú ag mo Roinn faoi láthair ag cur san áireamh, mar is cuí, an raon tacaíochtaí ábhartha atá agus a d'fhéadfadh a bheith ar fáil ó fhoinsí eile stáit den chineál thuasluaite faoi scáth DRCD.

Barr
Roinn