Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Tionscadail Tógála Scoileanna

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 10 May 2022

Tuesday, 10 May 2022

Ceisteanna (524)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

524. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais an bhfuil i gceist ag a Roinn airgead a chur ar fáil chun obair a dhéanamh ar scoil (sonraí tugtha) bunaithe ar an tairiscint is lú a fuair an scoil seachas an méid a ceadaíodh an chéad uair in 2019, de bharr an ardaithe mhóir a tháinig ar chúrsaí togála ó shin i leith; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [23375/22]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Fuair an scoil a ndéanann an Teachta tagairt di cead le dul le haghaidh pleanála i mí Lúnasa 2020.

I mí Aibreáin 2022, chuir an scoil comhfhreagras ar ríomhphost go dtí an Roinn inar luadh go raibh sí ag dul ar aghaidh chun tairiscintí a lorg agus bhí na cáipéisí tairisceana ceangailte leis.

Ní raibh cead bronnta ag an Roinn ar an scoil chun dul ar aghaidh agus tairiscintí a lorg mar go gcaithfidh sí cáipéisí áirithe a chur isteach le bheith in ann cead a fháil. Iarradh na cáipéisí seo i mí Aibreáin 2022, dá réir.

Chuir an Roinn in iúl don scoil nuair a bheadh na cáipéisí a iarradh faighte dhéanfaí athbhreithniú ar na tairiscintí a bhí curtha isteach cheana féin.

Faoi láthair, tá an Roinn ag fanacht ar an scoil leis na cáipéisí seo a chur isteach.

Barr
Roinn