Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Garda Síochána

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 10 May 2022

Tuesday, 10 May 2022

Ceisteanna (663)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

663. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Dlí agus Cirt cad iad na bearta atá déanta chun a chinntiú go bhfuil comhaltaí den Gharda Síochána a bhfuil Gaeilge acu lonnaithe sna ceantair Ghaeltachta de réir mar atá leagtha síos sa dlí; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [23377/22]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Táim tar éis dul i dteagmháil le húdaráis an Gharda Síochána le haghaidh na faisnéise a lorg an tAire ach, ar an drochuair, ní raibh an fhaisnéis sin ar fáil in am. Scríobhfaidh mé chuig an Teachta arís a luaithe a bheidh an fhaisnéis ar fáil.

The following deferred reply was received under Standing Order 51
Tagraím do Cheist Pharlaiminteach Uimh. 663 an 10 Bealtaine, 2022, inar fhiafraigh tú:
‘cad iad na bearta atá déanta chun a chinntiú go bhfuil comhaltaí den Gharda Síochána a bhfuil Gaeilge acu lonnaithe sna ceantair Ghaeltachta de réir mar atá leagtha síos sa dlí; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh.’
Mar is cuimhin leat, lorgaíos an fhaisnéis a d’iarr tú, agus gheallas go rachainn i dteagmháil leat arís a luaithe a bheadh an fhaisnéis ar fáil.
Mar is eol duit, tá Coimisinéir an Gharda Síochána freagrach, faoi Acht an Gharda Síochána, 2005 (arna leasú), as gnó an Gharda Síochána a bhainistiú agus a riaradh, lena n-áirítear earcú agus oiliúint comhaltaí agus ball foirne den Gharda Síochána. Mar Aire, níl aon ról díreach agam i riaradh inmheánach chúrsaí Acmhainní Daonna an Gharda Síochána.
Tá curtha in iúl dom go bhfuil, le roinnt blianta anuas, bearta tábhachtacha tugtha isteach ag an nGarda Síochána chun a ndualgais teanga a chomhlíonadh. Áirítear sna bearta sin:
- Sruth Gaeilge a thabhairt isteach sa phróiseas earcaíochta, trína gcuirtear 10% de na spásanna i ngach comórtas in áirithe do chainteoirí líofa Gaeilge.
- Próiseas leithdháiltí a thabhairt isteach le haghaidh stáisiún Gaeltachta, lenar áiríodh córas measúnúcháin athbhreithnithe, mar a mhol an Coimisinéir Teanga, agus, chomh maith leis sin sin, Painéal Líofachta Gaeilge ina n-áirítear comhaltaí a labhraíonn Gaeilge agus ar mian leo fónamh i limistéir Ghaeltachta.
- Deiseanna a chur ar fáil don phearsanra go léir chun feabhas a chur ar a n-inniúlacht sa teanga.
- Seirbhís ateangaireachta Ghaeilge a thabhairt isteach, atá ar fáil don phearsanra go léir agus trínar féidir seirbhísí trí Ghaeilge a éascú más rud é nach bhfuil pearsanra le Gaeilge ar fáil chun cuidiú.
D’eisigh bainistíocht an Gharda Síochána Treoir i Meán Fómhair 2018 lena chinntiú go ndéanfaí a ndualgais reachtúla a chomhlíonadh agus lena dtreoraítear nach bhfuil ach comhaltaí atá líofa sa Ghaeilge le haistriú chuig aon cheann de na stáisiúin Ghaeltachta ar fud na tíre.
Forbraíodh an córas measúnúcháin athbhreithnithe chun leibhéal Gaeilge labhartha comhaltaí a fháil amach i mí na Bealtaine, 2018. Rinneadh creat inniúlachta a dhearadh, chomh maith, lena ndéantar cúig leibhéal inniúlachta teanga a thairiscint. Téann na leibhéil ó Leibhéal 1 (gan aon inniúlacht) go Leibhéal 5 (uas-inniúlacht). Tá an scála rátála bunaithe ar na caighdeáin atá leagtha síos sa Chreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha.
Is é an leibhéal Gaeilge atá ag teastáil chun bheith ag obair i stáisiún Gaeltachta ná Leibhéal 4 den Chreat Inniúlachta Gaeilge seo. Ní fólair do chomhaltaí bheith ábalta líofacht ar Leibhéal 4 den Chreat a léiriú más mian leo go ndéanfaí iad a shannadh do stáisiún Gaeltachta. Is ionann an leibhéal sin agus Leibhéal B2 den Chreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha.
Tá líon na gcomhaltaí a labhraíonn Gaeilge i stáisiúin Ghaeltachta ar fud na tíre á mhéadú go seasta ag an nGarda Síochána.
Tá curtha in iúl dom thairis sin go bhfuil siad ag leanúint orthu ag cur lena ngealltanais Ghaeilge, agus féadfaidh sé gurb eol duit gur fhoilsigh an Coimisinéir an tríú ceann de Straitéisí Gaeilge an Gharda Síochána i Márta na bliana seo. Beidh feidhm leis an Straitéis ó 2022 go 2025, agus léireofar léi tiomantas an Gharda Síochána do sheirbhísí Gaeilge a chur ar fáil do dhaoine den phobal, agus a dtiomantas a ndualgais reachtúla teanga uile a chomhlíonadh go hiomlán.
Tá mar aidhm leis an straitéis tacú le húsáid na Gaeilge sa Gharda Síochána, cur lena húsáid agus a húsáid a chur chun cinn, maille le fíor-rogha teanga a éascú d’úsáideoirí a labhraíonn Gaeilge, trí sheirbhísí dátheangacha a thairiscint go gníomhach agus trína gcur chun cinn.
Tá trí réimse straitéiseacha sainaitheanta mar chuid den straitéis seo. Is iad seo, mar a leanas:
Réimse Straitéiseach 1: Earcaíocht agus Pleanáil Fórsa Saothair
Réimse Straitéiseach 2: Forbairt na Gaeilge agus Feasacht Ghaeilge
Réimse Straitéiseach 3: Cur chun Cinn na Gaeilge agus Plé le Gaeilge
Agus an straitéis seo á chur i ngníomh, tá curtha in iúl dom go n-oibreoidh an Garda Síochána chun líon na ndaoine a labhraíonn Gaeilge a bheidh ag dul isteach sa tseirbhís a mhéadú, agus go n-oibreoidh siad chun a chinntiú go ndéanfar pleananna cuí fórsa saothair a fhorbairt chun seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil do dhaoine den phobal.
Ina theannta sin, déanfar úsáid na Gaeilge laistigh den Gharda Síochána a fheabhsú trí na nithe seo a leanas:
1. Athruithe ar chomhshocraíochta Rialachais a bhaineann leis an nGaeilge
2. Díriú ar níos mó pearsanra a labhraíonn Gaeilge a earcú
3. Oifig Ghaeilge a fhorbairt
4. Tionscnamh Fáinne Gaeilge a fhorbairt
5. Acmhainn nua Ar-Líne Ghaeilge a thabhairt isteach
De dheasca chineál obair na póilíneachta agus na dúshláin a eascraíonn as sin do roinnt pearsanra do fhreastal ar ranganna rialta, is féidir le Gardaí rochtain a fháil anois ar acmhainn nua chuimsitheach ar líne atá dírithe ar fhoghlaimeoirí ar mian leo a gcuid Gaeilge a fheabhsú nó ar mian leo obair i dtreo na líofachta. Tá sé sin á chur ar fáil i gcomhar le Gaelchultúr.
Tá an clár, dar teideal ‘An Fórsa ag Foghlaim’ (Leibhéal A2), ar an gcéad cheann de cheithre acmhainn atá forbartha ag Gaelchultúr, agus tacaíonn sé leis an nGarda Síochána agus a dhualgas á chomhlíonadh aige cur le fáil a bheith ar sheirbhísí Gaeilge a sholáthraítear don phobal agus le caighdeán na seirbhísí sin.
Ag tabhairt le chéile caint na ndaoine i gcomhair cumarsáide agus stór focal a bhaineann go sonrach le hobair na nGardaí, tá an acmhainn idirghníomhach foghlama seo ar an gcéad cheann dá cineál a forbraíodh, agus cuirfear ar fáil do gach Garda sa tír í.
Tá an-áthas orm a nótáil go bhfuarthas os cionn 11,000 iarratas sa chomórtas earcaíochta is déanaí le haghaidh earcach sa Gharda Síochána, lena n-áirítear 466 iarratas faoin Sruth Gaeilge.
Barr
Roinn