Mar is eol don Teachta, is le máistir an bhád amháin cinneadh a dhéanamh maidir le sábháilteacht an bháid agus a chriú roimh gach seoladh. Ní mar a chéile seoladh báid paisinéara agus báid lastais, agus is féidir leis tarlú gur féidir le bád paisinéara seoladh nuair nach féidir leis an mbád lastais agus vice versa.
Rinne oifigigh mo Roinne teagmháil leis an gcomhlacht lastais maidir leis an tseirbhís fhóirdheonaithe ó dhug na Gaillimhe go hÁrainn. Dheimhnigh an comhlacht nár éirigh leo an seoladh ó Ghaillimh go hInis Meáin a dhéanamh mar a bhí beartaithe acu don Luan 9 Bealtaine 2022 de bharr drochaimsire agus lag thaoide mhallmhara.
Tá sé dearbhaithe ag an gcomhlacht lastais do mo Roinn go gcuirtear pobail na n-oileáin ar an eolas ar an bpointe má thagann aon athrú ar an amchlár de bharr drochaimsire, taoide mí-fhabhrach nó aon chúis eile, agus go ndéantar an seoladh a cailleadh chomh luath agus is féidir ina dhiaidh sin.
Sa chás áirithe seo, tuigtear don Roinn gur cuireadh teachtaireacht chuig muintir na n-oileán ar an 8 Bealtaine ag 9.00 am chun iad a chur ar an eolas nach bhféadfaí seoladh na Máirte a dhéanamh agus go ndéanfaí an seoladh sin ar an Déardaoin 12 Bealtaine.