Éamon Ó Cuív
Ceist:407. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail cé mhéad lá i mbliana nár seoladh an tseirbhís lasta go hInis Meáin de bharr fadhbanna le taoidí agus na cnocáin ghainimh atá anois gar do Chéibh an Chóra ar an oileán sin, nó de bharr farraigí arda; cé mhéad uair a tháinig an tseirbhís go dtí an t-oileán taobh amuigh de na huaireanta idir 9.00rn agus 5.00in; cad iad na beartais atá i gceist a ghlacadh chun go mbeidh seirbhís lasta d’ardchaighdeán ag dul go hInis Meáin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [25533/22]
Amharc ar fhreagra