Aistríodh feidhmeanna Bhord na Leabhar Gaeilge chuig Foras na Gaeilge ar 1 Eanáir 2008. Clár na Leabhar Gaeilge a tugadh feasta ar an Scéim a riartar faoi scáth Fhoras na Gaeilge, scéim a chuireann tacaíocht ar fáil do scríbhneoirí, d’fhoilsitheoirí agus do phobal léitheoireachta na Gaeilge i gcoitinne.
Tá eolas maidir le Clár na Leabhar Gaeilge ar fáil ar shuíomh an Fhorais: https://www.forasnagaeilge.ie/tacaiocht/leabhair-foilsitheoireacht/.
Seo a leanas an maoiniú imfhálaithe atá curtha ar fáil ó 2008 go dáta ag mo Roinn do Chlár na Leabhar Gaeilge:
Bliain
|
Maoiniú
|
2008
|
€1,820,000
|
2009
|
€1,588,563
|
2010
|
€1,499,917
|
2011
|
€1,323,883
|
2012
|
€1,259,142
|
2013
|
€1,170,996
|
2014
|
€1,117,395
|
2015
|
€1,105,380
|
2016
|
€1,061,165
|
2017
|
€1,061,165
|
2018
|
€1,061,165
|
2019
|
€1,061,165
|
2020
|
€1,061,165
|
2021
|
€1,061,165
|
2022
|
€1,061,165*
|
*Chomh maith leis an maoiniú imfhálaithe thuas, chuir mo Roinn maoiniú breise aon uaire de €300,000 ar fáil do Chlár na Leabhar Gaeilge don mbliain reatha, 2022, maoiniú atá le dáileadh ar Scéim na bhFoilsitheoirí agus Scéim na Meantóirí de chuid Chlár na Leabhar Gaeilge. Tugann an t-allúntas breise seo maoiniú an Chláir ar ais go dtí thart ar an leibhéal ag a raibh sé i 2011.