Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Pleanáil Teanga

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 21 June 2022

Tuesday, 21 June 2022

Ceisteanna (25)

Catherine Connolly

Ceist:

25. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán maidir le Ceist Pharlaiminte 22180/22, an ndearbhóidh sí go bhfuil Oifigeach Pleanála Teanga ceaptha i mBearna agus ar Chnoc na Cathrach. [32232/22]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Faoi mar a chur mé in iúl roimhe seo i gCeist Pharlaiminte 22180/22, rinne mé plean teanga an Limistéir Pleanála Teanga Gaeltachta: Bearna agus Cnoc na Cathrach a fhaomhadh faoin bpróiseas pleanála teanga i mí Bealtaine 2021.

Tuigtear don Roinn ó Údarás  na Gaeltachta, atá freagrach as feidhmiú an phróisis ar an talamh sa Ghaeltacht, go mbeidh áisitheoir á lorg acu go poiblí go rí-ghairid chun tacú le bunú coiste go logánta. De thoradh sin tá an tÚdarás ag súil leis go mbeifear in ann na chéad chéimeanna eile ina dhiaidh sin a ghlacadh gan tuilleadh moille i dtreo Oifigeach Pleanála Teanga a bheith ceaptha agus tús a bheith curtha le feidhmiú phlean teanga an cheantair.

Is féidir leis an Teachta a bheith cinnte de go bhfuil an scéal á choinneáil faoi bhreithniú ag mo Roinn i rith an ama.

Mar a bhaineann sé leis na Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta go ginearálta, tá pleananna teanga i leith an 26 limistéar ina iomláine ceadaithe faoin bpróiseas anois.

Barr
Roinn