Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Foilseacháin Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 21 June 2022

Tuesday, 21 June 2022

Ceisteanna (49)

Marc Ó Cathasaigh

Ceist:

49. D'fhiafraigh Deputy Marc Ó Cathasaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán faoina tuairimí faoi na deacrachtaí leanúnacha in earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge, na pleananna atá aici le dul i ngleic leis na deacrachtaí sin agus an mbeidh athbhreithniú ar an leibhéal maoiniúcháin le haghaidh na bpleananna sin, Scéim na Foilsitheoireachta Gaeilge san áireamh. [32206/22]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Aistríodh feidhmeanna Bhord na Leabhar Gaeilge chuig Foras na Gaeilge ar 1 Eanáir 2008. Clár na Leabhar Gaeilge a tugadh feasta ar an Scéim a riartar faoi scáth Fhoras na Gaeilge, scéim a chuireann tacaíocht ar fáil do scríbhneoirí, d’fhoilsitheoirí agus do phobal léitheoireachta na Gaeilge i gcoitinne.

Cuireann mo Roinn maoiniú imfhálaithe de €1.061m in aghaidh na bliana ar fáil do Chlár na Leabhar Gaeilge, faoina bhfeidhmítear na scéimeanna agus tionscadail seo a leanas:

- Scéim na Foilsitheoireachta: Saothair ar ard-chaighdeán curtha ar fáil don phobal agus do léitheoirí Gaeilge;

- Scéim na dTionscadal Litríochta: Deiseanna léitheoireachta trí Ghaeilge a chothú agus a éascú don phobal;

- Scéim na gCoimisiún: Ciste coimisiúnaithe ar mhaithe le soláthar sásúil sna réimsí éagsúla léitheoireachta a chinntiú;

- An Scéim Meantóireachta: Spreagadh agus deiseanna tacaíochta a thabhairt do scríbhneoirí i dtús a ré scríbhneoireachta; agus,

- Scríobh Leabhar: Deiseanna scríbhneoireachta agus léitheoireachta trí Ghaeilge a chothú do pháistí scoile.

Aithnítear go bhfuil dúshláin roimh fhoilsitheoirí na Gaeilge faoi láthair agus reáchtáladh cruinniú an tseachtain seo caite idir feidhmeannaigh mo Roinne agus feidhmeannaigh Fhoras na Gaeilge chun an t-ábhar seo a phlé.  Mar aitheantas ar na dúshláin sin, chuir mé maoiniú breise aon uaire de €300,000 ar fáil do Chlár na Leabhar Gaeilge ag deireadh 2021 le dáileadh ar Scéim na Foilsitheoireachta agus Scéim na Meantóirí de chuid Chlár na Leabhar Gaeilge.

Leanfaidh mo Roinn agus Foras na Gaeilge ag breithniú na roghanna agus deiseanna chun tacú tuilleadh le foilsitheoirí na Gaeilge san am amach romhainn.

Barr
Roinn