Táthar ag leanúint leis an obair idir mo Roinnse, an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus Údarás na Gaeltachta maidir le cúrsaí pleanála i gceantair Ghaeltachta. Mar chuid den obair atá déanta go dtí seo bhí grúpa oibre a thabhairt le chéile i mBealtaine 2021 chun gnéithe éagsúla den phróiseas pleanála i ngach ceantar Gaeltachta a scrúdú. Tá sé i gceist ag oifigigh mo Roinne, i gcomhar leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus Údarás na Gaeltachta cruinniú den ghrúpa oibre seo a ghairm arís go ríghairid. Samhlaítear go gcuirfear tograí ón ngrúpa oibre seo i láthair an Aire nuair a bheidh a chuid oibre críochnaithe aige.
Ba mhaith liom a chur in iúl don teachta chomh maith go bhfuil oifigigh ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta i mbun comhairle leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus le hÚdarás na Gaeltachta faoi chúrsaí pleanála i gceantair Ghaeltachta ar mhaithe le tacú leis an obair atá ar bun agus chun dlús a chur léi.
Ceann de na príomhspriocanna atá ag an ngrúpa idir-rannach ná a chinntiú go mbeidh nósanna imeachta agus córais curtha in oiriúint, mar is cuí chun cur chuige éifeachtach agus comhsheasmhach na n-údarás áitiúil ábhartha a éascú i ndáil le saincheisteanna a bhaineann le cúrsaí pleanála i gceantair Ghaeltachta a bhainistiú.
Tá an grúpa idir-rannach i mbun scrúdú a dhéanamh ar mar a bhféadfaí cleachtais reatha i ndáil le cur i bhfeidhm na bhforálacha seo a láidriú chun leas iomlán na Gaeilge sa Ghaeltacht agus ar mhaithe le pleanáil cheart agus forbairt inbhuanaithe, a mbeadh beartas ina thaca aige a bhfuil an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán á fhorbairt faoi láthair. Tá sé i gceist go gcuirfeadh an beartas seo an tsoiléireacht agus treoir atá ag teastáil ar fáil d’fhonn na hathruithe atá de dhíth a chomhtháthú chun éifeacht a thabhairt do chomhsheasmhacht agus cothroime níos fearr sa chóras pleanála chomh maith le cúnamh a chur ar fáil do na hÚdaráis Áitiúla atá i gceist. Tá an beartas seo ríthábhachtach i ndáil le forbairt Threoirlínte Alt 28 don phleanáil i gCeantair Ghaeltachta a mbeidh mo Roinn féin ag cur tús leo níos déanaí i mbliana.