Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Thursday - 29 September 2022

Thursday, 29 September 2022

Ceisteanna (28)

Catherine Connolly

Ceist:

28. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán maidir le Ceist Pharlaiminte Uimhir 25 den 21 Meitheamh 2022, an ndéanfaidh sí soiléiriú a thabhairt ar stádas an tríú gné den obair athbhreithniúcháin atá idir lámha ag Údarás na Gaeltachta maidir leis na córais agus maidir leis an gcur chuige atá i ngníomh ag an Údarás faoi láthair chun tacú le cur chun cinn na Gaeilge sna cliantchuideachtaí agus ar na bealaí ina ndéantar an t-ábhar a bhaineann leo a riaradh. [47573/22]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar is eol don Teachta, agus ceisteanna faoin ábhar seo á bhfreagairt roimhe seo, tá cinneadh déanta ag Údarás na Gaeltachta go bhfuil sé chun tabhairt faoi thaighde breise ar a chliantchomhlachtaí le heolas cuí a bhailiú maidir le riachtanais a gcuid fostaithe ó thaobh cothú na Gaeilge de. 

Chuige sin, beidh ceistneoir á dháileadh ar cliantchomhlachtaí an Údaráis ag tús Dheireadh Fómhair agus beidh sonraí an taighde sin á n-áireamh ag an Údarás ina chur chuige i leith na tacaíochtaí a chuirtear ar fáil do na cliaint le tacú leo an Ghaeilge a chur chun cinn.   

Beidh anailís le déanamh ar an aiseolas ón suirbhé agus táthar ag súil go mbeidh an taighde críochnaithe faoi dheireadh an fhómhair.  Ag éirí as an aiseolas agus na moltaí a thiocfaidh ón obair thaighde seo, beidh an tÚdarás ag déanamh measúnú ar na bealaí is fearr agus is éifeachtaí gur féidir leis tacú lena gcuid cliantchomhlachtaí agus na fostaithe atá ag na comhlachtaí sin ó thaobh cur chun cinn na Gaeilge de.

Mar atá ráite roimhe seo, bhí trí chéim aitheanta ag an Údarás san obair athbhreithnithe inmheánach seo ar cuireadh tús leis in Earrach na bliana 2021. Bhí an chéad chéim dírithe ar athbhreithniú ar riachtanais na heagraíochta mar a bhain sé le cothú na teanga in sna  cliantchomhlachtaí.  Clúdaíodh na córais riaracháin agus tuairiscithe inmheánacha atá i bhfeidhm le pleananna teanga a aontú agus le monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na bpleananna teanga sin mar chuid de chéim a haon chomh maith. Is iad an comhlacht comhairleoireachta Meas Media a bhí ina bhun seo.

Thug an comhlacht taighde Brioclage faoin dara gné den obair.  Bhain an obair sin le taighde a dhéanamh ar na cliantchomhlachtaí féin agus a gcuid fostaithe le heolas agus tuairimí a bhailiú uatha a bheidh mar bhunús do chlár tacaíochta athleasaithe/nua a bheidh le forbairt dírithe ar na cliaint a mhealladh agus a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid agus/nó a chur chun cinn ina ngnólachtaí, go hinmheánach agus go seachtrach.

Aithníonn an tÚdarás go bhfuil forbairt eacnamaíochta, caomhnú an chultúir agus na teanga, agus cruthú fostaíocht fite fuaite ina chéile agus lárnach i bhforbairt eacnamaíochta na Gaeltachta. Tá caomhnú agus cur chun cinn na Gaeilge ag croílár ghníomhaíochtaí uile na heagraíochta.

Barr
Roinn