Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Limistéir Pleanála Teanga

Dáil Éireann Debate, Thursday - 29 September 2022

Thursday, 29 September 2022

Ceisteanna (29)

Aindrias Moynihan

Ceist:

29. D'fhiafraigh Deputy Aindrias Moynihan den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán i dtaobh bhaile seirbhíse Mhuscraí, cén dul chun cinn atá á dheanamh agus cad iad na céad céimeanna eile chun go mbainfidh Maigh Chromtha stádas amach mar bhaile seirbhíse Gaeltachta; agus an ndéafaidh sí ráiteas ina thaobh. [47534/22]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar a cuireadh in iúl agus Ceist Dála 32196/22 á freagairt agam, tá Maigh Chromtha, Co. Chorcaí luaite mar bhaile a d'fhéadfadh a bheith aitheanta mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta in am trátha ach plean teanga a bheith ullmhaithe don bhaile faoi réir fhorálacha ábhartha Acht na Gaeltachta 2012.

Is faoi scáth foriomlán Fhoras na Gaeilge a tharlóidh na socruithe éagsúla is gá a dhéanamh chun eagraíocht chuí a aimsiú go háitiúil le tabhairt faoi ullmhú agus feidhmiú plean teanga don bhaile.

Ar nós na mbailte eile lena mbaineann, cuirfear ciste ar fiú suas le €20,000 ar fáil don eagraíocht a roghnaítear chun cabhrú le hullmhú an phlean agus is ciste bliantúil ar fiú €80,000 a bheidh ar fáil ansin le cabhrú le feidhmiú an phlean ach é a bheith ceadaithe.

Tuigtear do mo Roinn go bhfuil obair ullmhúcháin ina leith seo ar fad idir lámha ag Foras na Gaeilge, go raibh cruinniú poiblí eagraithe sa bhaile inné agus go bhfuil siad ag obair i dtreo fógra a bheith déanta ag lorg eagraíochta don chúram gan rómhoill eile.

Barr
Roinn