Chas oifigigh ó mo Roinn le hionadaithe ón ngrúpa Bánú ar an 8 Bealtaine 2024. Ba é seo an dara chruinniú leis an ngrúpa. Rinneadh plé ar an gceithre bunéileamh a
d'ardaigh an grúpa sa gcéad chruinniú a bhí ag ionadaithe na Roinne leo, is iad sin go dtabharfaí cumhacht d'Údarás na Gaeltachta dul ag plé le soláthar tithíochta sa Ghaeltacht; go dtabharfaí cead do mo Roinn féin tacaíocht a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge tithe a thógáil sa Ghaeltacht; go dtabharfaí tús áite do chainteoirí Gaeilge teach a fháil ar cíos seachas tithe a bheith ligthe ar bhonn ghearrthréimhseach; agus go ndéanfaí na dréacht-threoirlínte pleanála Gaeltachta a fhoilsiú gan mhoill.
Is ceart a thabhairt san áireamh go bhfuil forálacha san Acht Pleanála agus Forbartha, 2000 cheana féin a aithníonn an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge a chosaint agus a chur chun cinn sa Ghaeltacht. Chun cur le héifeacht na bhforálacha sin, cuireadh tús le próiseas dhá bhliain ó shín, idir mo Roinn agus an Roinn tithíochta, treoirlínte pleanála don Ghaeltacht a réiteach. Tuigtear dom go mbeidh dréacht réidh le foilsiú ag an Roinn tithíochta go luath. Tá an jab sin ag an Roinn tithíochta.
Anuas ar an obair sin, cuireadh in iúl don ghrúpa BÁNÚ go bhfuil Údarás na Gaeltachta ag breathnú ar cheist na tithíochta sa Ghaeltacht agus go mbeidh toradh na hoibre sin le feiceáil amach anseo. Cuireadh an grúpa ar an eolas chomh maith maidir leis an obair atá ar bun ag an Roinn reachtaíocht a thabhairt isteach chun srianta a chur ar thithíocht a bheith ligthe ar cíos ar bhonn ghearrthéarmach in earnáil na turasóireachta ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, an Teachta Catherine Martin.
Ta iarrtha ag oifigigh mo Roinne ar ionadaithe de chuid BÁNÚ roinnt faisnéise eile a chur i dtoll a chéile maidir le deacrachtaí eile a mheasann an grúpa atá ag cur constaicí roimh dhaoine óga atá ag obair thar lear filleadh ar Éirinn. Socrófar cruinniú eile leis an ngrúpa agus an fhaisnéis sin faighte agam agus ag an Roinn.