Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Beartas ríomhphoist

Séanadh agus beartas ríomhphoist an Oireachtais

Is chuig an seolaí amháin a bheartaítear meamraim ríomhphoist agus aon chomhaid cheangailte a tharchuirtear ó chóras ríomhphoist Choimisiún Thithe an Oireachtais. D'fhéadfadh ábhar atá faoi rún agus/nó faoi phribhléid a bheith iontu. Toirmisctear ar dhaoine nó ar eintitis, seachas an faighteoir beartaithe, an fhaisnéis sin a athbhreithniú, a atarchur, a scaipeadh nó a úsáid ar shlí eile, nó aon ghníomh a dhéanamh ar iontaoibh na faisnéise seo. Má fuair tú meamram ríomhphoist trí dhearmad, déan teagmháil leis an seoltóir agus scrios an t-ábhar ó gach ríomhaire agus gléas stórála.

Ní dhéantar aon chonradh a chruthú le meamraim ríomhphoist a thagann ó chóras ríomhphoist Choimisiún Thithe an Oireachtais agus ní thabharfaí le tuiscint gurbh ann dá leithéid.

Ní gá gurb ionann tuairimí Choimisiún Thithe an Oireachtais agus na tuairimí a chuirtear in iúl sa mheamram seo ná sna ceangaltáin a ghabhann leis.

De réir bheartas Choimisiún Thithe an Oireachtais, ní ceadmhach ábhar colúil a chur agus, más dóigh leat go bhfuil an t-ábhar atá i dteachtaireacht a thagann ón Oireachtas colúil, ba chóir duit, ar an gcéad ásc, teagmháil a dhéanamh leis an seoltóir. Más gá, dá éis sin, is féidir leat cóip den mheamram ríomhphoist a chur ar aghaidh chuig abuse@oireachtas.ie..

Seiceáiltear meamraim ríomhphoist i gcomhair víreas sula dtarchuirtear iad chuig líonraí seachtracha, ach ní ghlactar le haon dliteanas i leith aon damáiste a dhéanfaidh aon víreas a tharchuirfí leis an meamram ríomhphoist seo.

Barr
Roinn