Foghlaim faoinar cheart a bheith ag súil leis agus tú ag cur tús le d’obair mar Theachta Dála nua agus breathnaigh ar ár dtreoracha maidir le bheith Ag Obair sa Pharlaimint agus Nósanna Imeachta sa Pharlaimint.
Do chéad lá mar Chomhalta Dháil Éireann
- Céard é an chéad rud is gá dom a dhéanamh?
-
Is é an chéad rud ba chóir duit a dhéanamh ná socrú a dhéanamh chun Rolla na gComhaltaí a shíniú i láthair Chléireach na Dála, Peter Finnegan. Ní mór é seo a shíniú sula nglacfaidh tú do shuíochán i Seomra na Dála ar an gcéad lá suí.
Chun an Rolla a shíniú, ba chóir duit coinne a dhéanamh le Brigid McGlynn Uasal, Rúnaí Príobháideach do Chléireach na Dála agus Ard-Rúnaí.
✉ brigid.mcglynn@oireachtas.ie
☎ (01) 618 3438 - Céard a tharlaíonn nuair a shíním Rolla na gComhaltaí?
-
Nuair a shíníonn tú an Rolla, meastar go bhfuil tú i ndiaidh glacadh le do shuíochán i nDáil Éireann.
Nuair a shíníonn tú an Rolla, déanfar grianghraf oifigiúil a ghlacadh. Déanfar an grianghraf sin a úsáid chun gach críche oifigiúla agus beidh cóip ar fáil duitse freisin do d’úsáid phearsanta.
Sannfar Oifigeach Idirchaidrimh do Chomhaltaí do gach Teachta nua. Is ball foirne an tOifigeach Idirchaidrimh do Chomhaltaí i dTithe an Oireachtais ag a bhfuil go leor taithí agus a bheidh mar an chéad phointe teagmhála duit sna chéad laethanta agus seachtainí duit mar Chomhalta nua.
- Cad é ról an Oifigigh Idirchaidrimh do Chomhaltaí?
-
Beidh d’Oifigeach Idirchaidrimh do Chomhaltaí ar fáil le do chuid ceisteanna a fhreagairt, cabhair phraiticiúil a chur ar fáil agus a chinntiú go bhfuil an t-eolas riachtanach ar fad agat le thú a chumasú le do ról bunreachtúil a chomhlíonadh mar Chomhalta nua atá ag déanamh ionadaíocht ar dháilcheantar den 34ú Dáil.
Is é ról an Oifigigh Idirchaidrimh do Chomhaltaí ná cabhrú le Comhaltaí nua agus iad ag cur aithne ar choimpléacs Theach Laighean, na seirbhísí agus na háiseanna atá ar fáil a mhíniú agus forléargas a thabhairt ar fheidhmiú Thithe an Oireachtais.
Is ball foirne ag a bhfuil an-taithí d’oifigeach idirchaidrimh atá in ann do chuid ceisteanna a fhreagairt nó thú a chur i dtreo na rannóige iomchuí.
An chéad suí den 34ú Dáil
- Céard a tharlaíonn ar an gcéad lá suí den Dáil nua?
-
Is lá an-ghnóthach agus tábhachtach i saol Parlaiminte é an chéad lá suí de Dháil nua. Is gá cloí le roinnt nósanna imeachta teicniúla parlaiminte agus seo a leanas an leagan amach a bhíonn ar an lá de ghnáth:
Tuarascáil i dtaobh eascairí a chur amach agus craoladh i dtaobh freagraí
Déanann Cléireach na Dála an fógra oifigiúil seo, ina mbeidh ainm gach duine den 174 TD a dtoghtar chun an 34ú Dáil iad.
Roghnú an Chinn Comhairle
Is é an chéad ord gnó i nDáil nua ná Ceann Comhairle, nó Cathaoirleach na Dála, a roghnú i measc a Comhaltaí.
Ainmniú agus toghadh an Taoisigh
I ndiadh roghnú an Chinn Comhairle, glacann sé nó sí an Chathaoir agus leanann sé/sí ar aghaidh go dtí an chéad mhír ghnó eile, ainmniú an Taoisigh.
- Tuarascáil i dtaobh eascairí a chur amach agus craoladh i dtaobh freagraí
-
Léifidh Cléireach na Dála forógra an Uachtaráin amach ag tionól na Dála.
Déanfaidh an Cléireach ansin an tuarascáil i dtaobh eascairí a chur amach agus ainmneacha na gComhaltaí a toghadh do gach ceann den 43 dáilcheantar a léamh amach.
- Roghnú iarrthóra agus toghadh an Chinn Comhairle
-
Is é an chéad ord gnó i nDáil nua ná iarrthóir a roghnú a cheapfar i ról an Chinn Comhairle, nó Cathaoirleach na Dála, i measc a Comhaltaí. Tá ról tábhachtach ag an gCeann Comhairle i dTithe an Oireachtais agus bíonn an Ceann Comhairle i gceannas go neamhchlaonta agus go húdarásach ar ghnó agus ar imeachtaí Dháil Éireann.
Feidhmíonn Cléireach na Dála mar an Cathaoirleach go dtí go roghnaítear Ceann Comhairle.
- Déantar Ceann Comhairle a roghnú trí bhallóid rúnda a dhéantar faoi mhaoirseacht agus faoi threoir Chléireach na Dála.
- Caithfear ainmniúcháin do ról an Chinn Comhairle a chur isteach i scríbhinn agus caithfidh siad a bheith ag Cléireach na Dála tráth nach déanaí ná 6 p.m. ar an lá roimh an gcéad lá suí.
- Leagtar breis sonraí maidir le roghnú an iarrthóra agus toghadh an Chinn Comhairle amach sna Buan-Orduithe [nasc chuig an BO cuí ag teastáil].
I ndiaidh fhógairt thorthaí na ballóide rúnda, dearbhaíonn an Teach an rogha, cuireann an Ceann Comhairle nua róbaí na hoifige air nó uirthi agus suíonn sa Chathaoir.
Tabharfaidh an Ceann Comhairle an dearbhú seo a leanas tar éis a thofa nó a tofa:
Dearbhaím go sollúnta go ndéanfaidh mé, go cuí agus go dílis agus a mhéid is eol agus is cumas dom, oifig Cheann Comhairle Dháil Éireann a fheidhmiú gan scáth gan fabhar, na rialacha mar atá siad leagtha síos ag an Teach seo a chur i bhfeidhm go cothrom neamhchlaonta, ord a choimeád agus cearta agus pribhléidí comhaltaí a chaomhnú de réir an Bhunreachta agus Bhuan-Orduithe Dháil Éireann.
- Ainmniú agus toghadh an Taoisigh
-
I ndiaidh don Teach ceapachán an Chinn Comhairle a dhearbhú, glacann sé nó sí an Chathaoir agus leanann ar aghaidh go dtí an chéad mhír ghnó eile, ainmniú an Taoisigh. Déanann na Comhaltaí moladh foirmiúil chun TD a ainmniú do ról an Taoisigh. Go hiondúil is é an páirtí lena mbaineann an Taoiseach atá ag éirí as an chéad pháirtí a n-iarrtar orthu iarrthóir a ainmniú. Sula ndéantar cinneadh ar bith maidir leis an ainmniúchán sin, iarrann an Ceann Comhairle ansin ar pháirtí ar bith eile ar mian leo ainmniúcháin a mholadh do ról an Taoisigh déanamh amhlaidh.
Gnáthnós atá ann ainmniúcháin do ról an Taoisigh a “aontú” agus is iondúil freisin díospóireacht a bheith ann maidir le buanna na n-iarrthóirí. I ndiaidh na díospóireachta, déanann an Teach machnamh ar na moltaí san ord inar cuireadh in iúl iad go dtí go ndearbhaíonn formhór an Tí iarrthóir.
Má chuirtear moladh faoi bhráid an Tí a nglacann móramh leis, meastar an t-ainmní sin a bheith ainmnithe ag Dáil Éireann lena cheapadh nó lena ceapadh ag an Uachtarán mar Thaoiseach. Má bhíonn easaontas ann, nó má dhéantar gairm fhoirmiúil chun vóta, déantar sin de láimh seachas go leictreonach.
Má éiríonn le hiarrthóir a d’ainmnigh an Teach do ról an Taoisigh, cuirtear an suí ar fionraí ionas gur féidir leis an iarrthóir sin taisteal go hÁras an Uachtaráin le go ndéanfaidh an tUachtarán é nó í a cheapadh. I ndiaidh a cheapacháin nó a ceapacháin, fillfidh an Taoiseach nua ar Theach Laighean, agus, ar atosú an tsuí, molfaidh an Taoiseach don Teach ainmniú na Comh-Aireachta nua, lena ceapadh ag an Uachtarán.
Mura nglacann an Teach le hiarrthóir do ról an Taoisigh, de réir an Bhunreachta is gá don Taoiseach atá ag dul as oifig a éirí as nó a héirí as a thairiscint don Uachtarán. Leanann an Rialtas atá ag dul as oifig ar aghaidh ar bhonn sealadach go dtí go gceaptar a gcomharbaí.