Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seirbhís do chustaiméirí

TCÉ

Féach isteach

Táimid tiomanta do sholáthar seirbhíse d’ardchaighdeán dár gcustaiméirí uile. Féachaimid ar thuairimí agus ar ghearáin mar fhoinse thábhachtach faisnéise a chuideoidh linn ár gcuid seirbhísí a chur chun feabhais.

Ár luachanna

Neamhchlaonta | Freagrach | Oscailte | Sásta Comhoibriú | Nuálach

Cairt chustaiméirí

Chun tuilleadh a fháil amach faoinár dtiomantas seirbhíse dár gcustaiméirí, léigh ár mbileog eolais ghairid ina bhfuil ár Cairt Chustaiméirí nó ár bPlean Gníomhaíochta iomlán don Chairt Chustaiméirí.

Ár dtiomantas seirbhíse dár gcustaiméirí

Déanfaimid na rudaí seo a leanas:

  • beimid cúirtéiseach agus ómósach leat
  • cuirfimid ár seirbhísí ar fáil ar bhealach cóir, éifeachtach agus neamhchlaonta
  • féachfaimid le hiarratais a réiteach ar an gcéad dul síos
  • cinnteoimid go bhfreastalófar ar chustaiméirí ar mian leo oibriú le Seirbhís Thithe an Oireachtais trí Ghaeilge, nó ar mian leo teanga chomharthaíochta a úsáid
  • cuirfimid faisnéis agus comhairle ar fáil ar bhealach soiléir, cruinn agus caoithiúil
  • beidh meas againn ar fhaisnéis phearsanta agus ní bhainfimid úsáid aisti ach amháin i gcomhréir leis an dlí
  • cabhróimid le gach duine a thugann cuairt ar Thithe an Oireachtais nó a bheidh ag iarraidh faisnéis maidir leis an obair a dhéanann Tithe an Oireachtais
  • cuirfimid fáilte roimh aiseolas ionas gur féidir linn leanúint d’fheabhas a chur ar ár seirbhísí chun freagra a thabhairt ar riachtanais agus ar ionchais athraithe ár gcustaiméirí
  • déanfaimid scrúdú ar gach gearán ar bhonn caoithiúil agus tabharfaimid freagra ar na gearáin sin

Ár gcaighdeáin seirbhíse do chustaiméirí

Má bhíonn tú i dteagmháil linn ar an teileafón:

  • freagróimid do ghlaoch nó glaofaimid ar ais ort go tapa agus beidh sé mar aidhm againn do cheist a réiteach go héifeachtúil
  • féachfaimid lena chinntiú go bhfaighidh tú freagra a luaithe agus is féidir mura féidir linn do cheist a fhreagairt lom láithreach
  • cuirfimid ar aghaidh thú chuig an aonad gnó cuí, nó chuig an eagraíocht chuí i gcás nach bhfuil Seirbhís Thithe an Oireachtais freagrach as do cheist a fhreagairt

Má bhíonn tú i dteagmháil linn le litir nó ríomhphost:

  • admhóimid go bhfuarthas do chomhfhreagras laistigh de chúig lá oibre
  • beidh sé mar aidhm againn freagra a thabhairt laistigh de 15 lá oibre
  • úsáidfimid teachtaireachtaí ríomhphoist uathoibríocha nuair a bheimid amuigh as an oifig agus tabharfaimid sonraí teagmhála malartacha duit
  • i gcás ina dtarlaíonn sé, mar gheall ar bhrú oibre nó ceisteanna acmhainní, nach féidir freagra téagartha i scríbhinn a thabhairt ar do cheist, déanfaimid iarracht freagra a thabhairt ar an teileafón laistigh de na tréimhsí ama luaite

Polasaí um Fhreagairt d’Iompar Míréasúnta

Agus ár gcuid dualgas seirbhíse custaiméirí á gcomhlíonadh againn, tá foireann na Seirbhíse i dteideal na hionchais chéanna a bheith acu agus is réasúnach go mbeidís ag súil le go n-iompródh daoine a dhéanann cumarsáid leo iad féin ar bhealach réasúnta.

Féach ár bpolasaí um dhéileáil le hiompar míréasúnta.


Cuairteoirí ar Thithe an Oireachtais

Cuirimid fáilte roimh chuairteoirí ag Tithe an Oireachtais.

Déanfaimid na rudaí seo a leanas:

  • beannóimid duit ar bhealach múinte cúirtéiseach agus cabhróimid leat agus beidh meas againn ort
  • cinnteoimid go bhfaighidh tú rochtain ar gach limistéar poiblí laistigh de choimpléacs Theach Laighean agus beidh cosaintí agus nósanna imeachta againn ag an am céanna chun sábháilteacht agus slándáil a chinntiú

:: Pleanáil do chuairt ar Thithe an Oireachtais


Faisnéis ar shuíomh gréasáin Thithe an Oireachtais

Déanfaimid iarracht a chinntiú go bhfuil an fhaisnéis atá ar fáil ar ár suíomh gréasáin inrochtana, cothrom le dáta, agus cruinn. Trínár suíomh gréasáin cabhróimid leat le faisnéis maidir leis an obair a dhéanann Dáil Éireann, Seanad Éireann agus na Coistí Parlaiminte.


Ár seirbhísí i nGaeilge

Féachfaimid lena chinntiú go gcuirfear ár seirbhísí ar fáil trí mheán na Gaeilge agus go ndéanfar sin ar bhealach a bheidh inrochtana de réir Scéim Teanga Thithe an Oireachtais 2018.

:: Foghlaim tuilleadh faoin nGaeilge i dTithe an Oireachtais


Conas is féidir leat cabhrú linn freastal níos fearr a dhéanamh ort

Tá meas againn ar aiseolas fiúntach maidir lenár seirbhísí mar chuid thábhachtach dár bpróiseas leanúnach chun feabhas a chur ar an tseirbhís agus cuirimid fáilte roimh an aiseolas sin.

Iarraimid:

  • go dtabharfá aiseolas fiúntach dúinn maidir lenár seirbhísí nó moltaí chun ár seirbhísí a fheabhsú
  • go n-inseofá dúinn má tá aon riachtanais speisialta agat nó má theastaíonn aon chúnamh uait lenár seirbhísí a rochtain ionas gur féidir linn freastal ort
  • go mbeifeá cúirtéiseach agus ómósach lenár bhfoireann

Gearáin ó chustaiméirí

Má tá tú míshásta leis an gcaighdeán seirbhíse a fuair tú, agus mura féidir an cheist a réiteach chun sástachta duit leis an mball foirne nó leis an rannán lena raibh tú ag plé, féadfaidh tú gearán foirmiúil a dhéanamh.

Cén fhaisnéis ba cheart duit a chur ar fáil d’fhonn dlús a chur faoi do ghearán?

Chun dlús a chur faoin iniúchadh ar do ghearán, tabhair na sonraí seo a leanas, i scríbhinn:

  • D’ainm, do sheoladh nó do sheoladh ríomhphoist agus uimhir theileafóin teagmhála
  • Míniú soiléir ar an gceist faoina bhfuil tú míshásta
  • Ainm an oifigigh nó an rannáin lena raibh tú ag plé

Sonraí teagmhála

An tOifigeach um Sheirbhís do Chustaiméirí

Kay Brennan

customerservice@oireachtas.ie

(01) 618 3000

Seirbhís Thithe an Oireachtais
Teach Laighean
Sráid Chill Dara
Baile Átha Cliath
D02 XR20
Éire

Barr
Roinn