Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Cineálacha taifead a choimeádtar

Cineálacha taifead a choimeádann Tithe an Oireachtais

  • Doiciméid oifigiúla de chuid Dháil Éireann agus Sheanad Éireann agus Coistí dá gcuid agus páipéir phríobháideacha Comhaltaí, a bhfuil cosaint acu le hAirteagal 15 den Bhunreacht
  • An coiste bainistíochta sinsearaí (an Coiste Bainistíochta) agus coistí gaolmhara Sheirbhís Thithe an Oireachtais
  • An Coiste Comhpháirtíochta
  • Toghcháin na Dála agus Toghcháin Eorpacha
  • Riar chaidreamh poiblí agus sheirbhísí faisnéise Sheirbhís Thithe an Oireachtais
  • Rannpháirtíocht na Seirbhíse sa Tionscnamh Bainistíochta Straitéisí (TBS), lena n-áirítear taifid a bhaineann leis na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise, 1997 agus 2003, agus leis na hAchtanna um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí, 1997 agus 2003
  • Riar liúntais agus theidlíochtaí na gComhaltaí
  • Riar fheidhm an chraolta agus na teileachumarsáide sa tSeirbhís, lena n-áirítear sainfháil trealaimh agus seirbhísí
  • Riar fheidhm na Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide (TFC) sa tSeirbhís, lena n-áirítear sainfháil trealaimh agus seirbhísí TF agus an tAcht um Chosaint Sonraí a riar
  • Riar fheidhm phearsanra na Seirbhíse, lena n-áirítear
    • taifid phearsanra agus taifid a bhaineann le saincheisteanna foirne agus caidrimh thionsclaíoch agus
    • taifid den fhoireann atá fostaithe faoin Scéim um Chúnamh Rúnaíochta agus a choimeádtar chun críocha párolla
  • Riar an Aonaid Oiliúna, lena n-áirítear sainfháil seirbhísí oiliúna
  • Riar na Feidhme Sainfhála, lena n-áirítear
    • earraí agus seirbhísí áirithe a fháil agus scéimeanna maidir leo a riar agus
    • Saoráid Cló Thithe an Oireachtais a oibriú agus a bhainistiú
  • Riar airgeadais Sheirbhís Thithe an Oireachtais lena n-áirítear iniúchadh inmheánach a dhéanamh uirthi
  • Riar Sheirbhís Leabharlainne agus Taighde an Oireachtais
  • Riar na nithe a bhaineann le sláinte agus sábháilteacht le haghaidh Sheirbhís Thithe an Oireachtais
  • Riar na nithe seo a leanas
    • Seomra Aclaíochta an Oireachtais agus
    • Naíolann an Oireachtais
  • Taifid a bhaineann le cóiríocht, le slándáil agus le saoráidí gaolmhara
  • Riar an Achta um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995, lena n-áirítear taifid a bhaineann le Clár Leasanna Chomhaltaí Dháil Éireann agus Sheanad Éireann
  • Comhairle dlí faoi phribhléid
  • Beáir, siopa agus bialanna an Oireachtais, lena n-áirítear taifid maidir leis an bhfoireann a fhostaítear, riar agus sábháilteacht an áitribh agus idirbhearta airgeadais
  • Taifid a bhaineann le cruinnithe an Choimisiúin agus coistí an Choimisiúin
Barr
Roinn