Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhaltas

Feidhmíonn Comhaltaí de Choimisiún Thithe an Oireachtais i gcáil chorpraithe agus ní dhéanann siad ionadaíocht dá bpáirtithe. Feidhmíonn an Coimisiún de réir an phrionsabail ghinearálta go bhféachann sé le tacaíocht a thabhairt do na Tithe agus do gach Comhalta go cothrom agus a ról mar ionadaithe tofa á chomhlíonadh acu.

Tá 11 chomhalta ar Choimisiún Thithe an Oireachtais agus is é an Ceann Comhairle, atá ina Chathaoirleach ar Dháil Éireann, an cathaoirleach. Leagtar amach comhaltas Choimisiún Thithe an Oireachtais san Acht um Choimisiún Thithe an Oireachtais, 2003.

Bíonn na daoine seo a leanas ar Choimisiún Thithe an Oireachtais:

  • Cathaoirleach Dháil Éireann
  • Cathaoirleach Sheanad Éireann
  • Ard-Rúnaí Sheirbhís Thithe an Oireachtais
  • Comhalta de cheann amháin de Thithe an Oireachtais arna cheapadh ag an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, ar a dtugtar ionadaí an Aire
  • Ceathrar gnáthchomhaltaí arna gceapadh ag an Dáil
  • Triúr gnáthchomhaltaí arna gceapadh ag an Seanad.

Comhaltaí i láthair na huaire

An Teachta Verona Murphy

An Ceann Comhairle

Comhalta ex officio
Cathaoirleach

An Seanadóir Mark Daly

Cathaoirleach Sheanad Éireann

Comhalta ex officio
An Teachta Pádraig O’Sullivan Ionadaí an Aire 

Elaine Gunn

An tArd‑Rúnaí

Comhalta ex officio
Príomhfheidhmeannach
An Teachta Catherine Ardagh Comhalta den Dáil
An Teachta Pearse Doherty Comhalta den Dáil
An Teachta Deputy Brian Brennan Comhalta den Dáil
An Seanadóir Robbie Gallagher Comhalta den Seanad
An Seanadóir Michael McDowell

Leas-Chathaoirleach

Comhalta den Seanad

An Seanadóir Joe O’Reilly Comhalta den Seanad
An Teachta Jennifer Whitmore Comhalta den Dáil

Cód iompair

Leagtar síos i gcód iompair Choimisiún an Oireachtais na caighdeáin eiticiúla chomhaontaithe a threoraíonn iompar comhaltaí. Glacadh leis in 2011 i ndiaidh dul i gcomhairle leis an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí.

Nuashonraithe go deireanach: 14 Deireadh Fómhair 2020

Roinn