Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Lá sa saol | Oifig na nDíospóireachtaí

Gach uair a thionólann an Dáil, an Seanad nó coiste Oireachtais suí poiblí, déantar Tuairisc Oifigiúil de gach rud a deirtear. Tugtar dualgas d’Oifig na nDíospóireachtaí, faoi threoir an Chinn Comhairle, é sin a dhéanamh.

Ag cur tús leis an lá

Ag cur tús leis an lá

Tá eagarthóirí agus tuairisceoirí parlaiminte, mar aon le foireann tacaíochta, in Oifig na nDíospóireachtaí. Agus an Tuairisc Oifigiúil á cur i dtoll a chéile acu, oibríonn siad i gcomhar le mórán rannóga eile sa tSeirbhís; pléann siad le coistí, le ceisteanna parlaiminte agus le foireann polaitíochta.

Déanann an tuairisceoir parlaiminte Cian Fitzsimons cur síos ar an ngnáthlá a bhíonn aige i dTeach Laighean agus é ag tuairisciú na díospóireachta i nDáil Éireann.

9.30 a.m.

Tá imeachtaí na Dála á dtuairisciú agam inniu. Is laethanta suí don Dáil, don Seanad agus do choistí iad an Mháirt, an Chéadaoin agus Déardaoin. Beidh Teach Laighean thar a bheith gnóthach inniu tamall maith sula dtosaím ar obair an lae.

Tá foirne eile in Oifig na nDíospóireachtaí diomaite de m’fhoireann féin agus bíonn dualgais éagsúla orainn ar ghnáthlá suí. Tá foireann eile ag gabháil don obair cheana féin — tá siadsan ag réiteach na tuairisce don Seanad agus do na coistí. Ina theannta sin, is ann do ghrúpa beag a bhfuil sé de chúram orthu imeachtaí díospóireachta a logáil, is cinn nach féidir a thras-scríobh ar an toirt. Tá foireann tacaíochta ann fosta nach féidir déanamh dá n-uireasa — díolaimíonn agus dáileann siad uainchláir oibre, tugann siad aghaidh ar chúraimí foilsithe agus logála agus cinntíonn siad go mbíonn ár sreabhadh oibre go breá éifeachtúil ar mhórán bealaí eile.

Grúpa measartha mór, ach grúpa dlúth, atá ann.

11:30 a.m.

Foireann Oifig na nDíospóireachtaí, ar a bhfuil tuairisceoirí parlaiminte, eagarthóirí agus foireann tacaíochta

11:30 a.m.

Chríochnaigh mé go mall aréir; bhí sé i ndiaidh meán oíche sular fhág mé an oifig. Dá bhrí sin, tá mé ar dhuine de na tuairisceoirí deireanacha a thosaigh ag obair inniu.

Cuirtear de chúram ar cheathrar déag tuairisceoirí, gach lá den tseachtain, imeachtaí na Dála a thuairisciú. Foilsítear an tuairisc ar shuíomh gréasáin an Oireachtais de réir a chéile i rith an lae suí.

Beidh lá oibre níos coitianta ag mo chuid comhghleacaithe atá ag réiteach na tuairisce don Seanad agus do na coistí; ba cheart go mbeidís réidh faoi 6 p.m.

Amlíne an ghnáthlae a bhíonn ag tuairisceoir parlaiminte a leagtar dualgas air/uirthi díospóireachtaí Dála a thuairisciú. Dá mhoille a thosaítear is ea is moille a chríochnaítear.

Meán lae

Ní mór dom a bheith sa Seomra ag meán lae; téim trí na doirse dúbailte agus suím síos ag deasc na dtuairisceoirí, atá suite ar urlár an tSeomra os comhair an Chinn Comhairle agus Chléireach na Dála. Tá sé i lár an aonaigh gan dabht.

Taifeadtar imeachtaí sa Seomra go digiteach agus baineann tuairisceoirí leas as an taifeadadh sin nuair a fhilleann siad ar a stáisiúin oibre chun a mír den díospóireacht, a mhaireann deich nóiméad, a ullmhú; tugtar “téic” ar an mír sin. 

Is gnách go ndéanann an Taoiseach nó an Tánaiste Ceisteanna ó Cheannairí a ghlacadh. Tugann Ceisteanna ó Cheannairí deis don fhreasúra mórcheisteanna an lae a phlé. Ag brath ar an ábhar a bhíonn idir chamáin, d’fhéadfadh plé bríomhar a bheith i gceist, d’fhéadfadh an Seomra a bheith lán agus d’fhéadfadh an dá thaobh cur isteach ar a chéile go rímhinic.

Toisc go mbíonn na tuairisceoirí ina suí i lár an tSeomra, is maith is eol dúinn cé a bhíonn ag caint agus cé a bhíonn ar tí cur isteach ar an té atá ag caint nó trasnáil a dhéanamh air/uirthi.  Ní hamháin go bhfuil tuairisceoirí ábalta ainm agus aghaidh na gComhaltaí a aithint, ach is iondúil go mbíonn siad in ann a nguth a aithint fosta; is mór an chabhair é sin nuair a chuireann duine den iliomad cúlbhinseoirí isteach ar an té atá ag caint.

Tagann comhghleacaí i m’áit i ndiaidh deich nóiméad agus fillim ar mo stáisiún oibre.

Tá tuairisceoir parlaiminte ina sheasamh ina oifig agus tá sé ag labhairt le comhghleacaí atá ina shuí

Tá foireann mhór i gceist le foilsiú na Tuairisce Oifigiúla agus tá an tuairisceoir parlaiminte ina measc. Is a bhuíochas leis an gcomhoibriú a bhaintear spriocdhátaí an fhoilsithe amach.

12.10 p.m.

Beidh corradh beag le dhá uair an chloig agam chun mó théic a ullmhú. D’fhéadfaí a rá gur tréan ama é sin ach bhíothas ag cur isteach ar a chéile cuid mhór le linn mo chuidse den díospóireacht; mar sin de, ní bheidh sé furasta. Is éigean a chur san áireamh freisin go bhfuil an focal labhartha le cur in oiriúint don lucht léitheoireachta, agus teastaíonn cúram agus machnamh lena aghaidh sin.

 

2.20 p.m.

Táim ar ais sa Seomra, an t-am seo faoi choinne Ceisteanna ar an Taoiseach. Beireann Ceisteanna Parlaiminte faill do na Teachtaí ceist a chur ar an Taoiseach nó ar Aire faoi ní a bhaineann lena Roinn.  Tugtar na freagraí ar dhá shlí: ó bhéal sa Seomra, rud a éascaíonn iarphlé ar an ní; nó i scríbhinn.

Foilsíonn Oifig na nDíospóireachtaí na ceisteanna agus na freagraí agus tá méadú seasta ag teacht orthu i rith an ama. Inniu tá os cionn 800 ceist nach mór freagra scríofa a thabhairt orthu agus déanfar iad sin a roinnt i measc na dtuairisceoirí.

3.50 p.m.

Cuireann Oifig na nDíospóireachtaí le próiseas ar leith nuair a fhoilsíonn sí Ceisteanna Parlaiminte. Cuirtear tús leis an bpróiseas áirithe sin nuair a leagann Comhalta ceist faoi bhráid Oifig na gCeisteanna i dTeach Laighean. Cuirtear an cheist chun na Roinne cuí le freagairt a fháil. Ina dhiaidh sin, déanann Oifig na gCeisteanna í a phróiseáil le gur féidir í a fhoilsiú ar an ngréasán.

Tar éis dom a bheith ag obair ar mo théic ar feadh scaithimh, glacaim sos beag chun dreas cainte a dhéanamh le duine de mo chomhghleacaithe, is duine atá i mbun comhordú ar fhoilsiú na bhfreagraí ar na 800 ceist sin; foilsíodh de bhreis ar 58,000 ceist agus freagra ar an ngréasán in 2022.



Sonraítear sa ghrafaic idirghníomhach seo líon na gceisteanna a cuireadh i mbliana, arna rangú de réir dáilcheantair, páirtí polaitíochta, cineál ceiste agus Roinne.

5.30 p.m.

I ndiaidh sos a mhaireann uair an chloig, tá an Teach ag plé le roinnt píosaí reachtaíochta anois. Ní foláir do gach Bille dul trí líon Céimeanna sa Dáil agus sa Seanad. Bíonn áiméar ag na Comhaltaí an reachtaíocht a phlé agus leasuithe uirthi a chur síos.

Tá nósanna imeachta leagtha síos chun déileáil le rith na mBillí agus caithfidh Oifig na nDíospóireachtaí cinnte a dhéanamh de go mbíonn na nósanna imeachta sin léirithe sa Tuairisc Oifigiúil. Maidir leis an gcéad dá théic eile, is éigean dom leasuithe ar na Billí a tharraingt isteach agus athsheiceáil a dhéanamh ar na treoirlínte nóis imeachta a leagtar amach i Leabhar Eagarthóirí na hoifige (treoir chuimsitheach maidir le nós imeachta agus stíl an tí). Ullmhóidh mé na téiceanna faoi choinne na n-eagarthóirí ina dhiaidh sin.

8.10 p.m.

Mar atá sonraithe cheana, suíonn na tuairisceoirí parlaiminte sa Seomra agus cuireann siad an tuairisc i dtoll a chéile. Ina theannta sin, caithfidh drong eagarthóirí an saothar sin a sheiceáil sula bhfoilseofar é. Tá sciar den fhoireann eagarthóireachta ag cur eagar ar Thuairisc Oifigiúil na Dála ag an bpointe seo agus fanfaidh siad nó go n-éiríonn an Teach.

Thiocfadh le suas le 100,000 focal, nó níos mó fiú, a bheith sa Tuairisc Oifigiúil má bhíonn lá fada sa Dáil (mar atá inniu). Coinneofar líon na mbotún chomh híseal agus is féidir má bhíonn dianphróiseas eagarthóireachta i réim.

Grafaic ina sonraítear líonta focal na ndíospóireachtaí i ngach Teach nó coiste sa bhliain reatha; tugann ciorcail níos mó le fios gur labhraíodh agus gur tuairiscíodh níos mó focal. Bhí os cionn 23 milliún focal i gceist le líon focal na ndíospóireachtaí parlaiminte uile in 2023.

10.10 p.m.

Is iondúil go mbíonn tráth na vótála seachtainiúla mar an mhír ghnó dheireanach ar an gCéadaoin.  A luaithe a éilítear vótáil, is beag am a bhíonn ag na Comhaltaí an Seomra a bhaint amach lena gcuid vótaí a chaitheamh.  Cuirtear tromlach na vótálacha siar go dtí an t-am seo in áit iad a dhéanamh go rialta i rith na seachtaine.

Ní bhíonn a dhath ar bith casta faoi thuairisciú na vótálacha de ghnáth. Dá bhrí sin, bím réidh roimh 11 p.m.  Ina ainneoin sin, caithfear a bheith dírithe ar an obair i gcónaí agus ní mór an-chúram a dhéanamh de na mionsonraí agus den chruinneas, fiú ag deireadh lae oibre fhada.  Tig leis an obair a bheith a bheith sách doiligh ach níl a dhath ar bith níos fearr ná an tsástacht a bhraitear nuair a thagann gach rud i gceann a chéile. Ina theannta sin, nach deas a bheith i lár an aonaigh nuair atá rud éigin stairiúil ag titim amach os do choinne?

The Editor of Debates and Chief Report examines a copy of the 1,000th bound volume of the Official Report sitting at the reporters' desk in the Dáil Chamber

Eagarthóir na nDíospóireachtaí agus an Príomhthuairisceoir, Anne Maxwell, ag scrúdú imleabhair cheangailte den Tuairisc Oifigiúil ag deasc na dtuairisceoirí i Seomra na Dála.

Tuilleadh faisnéise

Más maith leat tuilleadh eolais a fháil faoin obair a dhéanann Oifig na nDíospóireachtaí, déan teagmháil linn:

Oifig na nDíospóireachtaí

Teach Laighean

D02 XR20

+353 (1) 6183000

Barr
Roinn