Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Lá sa saol | An tSeirbhís Leabharlainne agus Taighde

9 a.m.

9 a.m.

Is leabharlannaí taighde mé i Seomra Léitheoireachta na gComhaltaí i dTeach Laighean. Is mise an chéad duine isteach ar maidin mar sin déanaim cinnte go bhfuil an seomra réidh do na Comhaltaí a úsáidfidh inniu é. Seiceálaim agus nuashonraím an taispeántas foilseachán, leabhar, irisí agus nuachtán. Úsáideann Teachtaí Dála agus Seanadóirí as gach páirtí agus gan aon pháirtí Seomra Léitheoireachta na Leabharlainne. Tá sé gar do Sheomraí na Dála agus an tSeanaid mar sin tagann Comhaltaí isteach i rith an lae le roinnt léitheoireachta a dhéanamh nó chun faisnéis a iarradh.
Is é an post atá agamsa faisnéis a fhorbairt agus a sheachadadh agus taighde a déanamh ar sheirbhísí le tacú le hobair na gComhaltaí, lena bhfoireann pholaitiúil agus le comhaltaí foirne parlaiminte eile. Mar sin, déanaim measúnú ar na fiosrúcháin atá tagtha isteach ar an nguthán agus trí ríomhphost thar oíche. Déanaim nóta de na hiarratais ar fad inár mbunachar sonraí fiosrúchán agus sannaim don duine is ábhartha inár bhfoireann iad, agus d’fhéadfainnse a bheith i gceist leis sin. Tá foireann de 38 ag an tSeirbhís Leabharlainne agus Taighde, lena n-áirítear leabharlannaithe eile agus taighdeoirí a bhfuil saineolas acu sa dlí, san eolaíocht shóisialta, san eolaíocht pholaitiúil agus san eolaíocht chomhshaoil.
Faighimid liodán iarratas gan staonadh ó Theachtaí agus ó Sheanadóirí, óna gcúntóirí agus ó rannóga eile de Thithe an Oireachtais. D’fhéadfaidís a bheith ag lorg fíricí, staitisticí, tuairiscí, tuairisciú meán, ábhar parlaiminte nó taighde saincheaptha. Faighimid iarratais chomh maith ó Ranna Rialtais, lucht acadúil, taighdeoirí, parlaimintí eile agus baill an phobail faoinár mbailiúchán d’fhoilseacháin pharlaiminte agus oifigiúla. Freagraímid thart ar 170 fiosrúchán ar an meán gach mí, agus anuraidh phléamar le níos mó ná 2,000 fiosrúchán.
Inniu, bhí fiosrúchán práinneach agam ó Chomhalta a bhí le bheith ar na meáin timpeall am lóin. Theastaigh na figiúirí dífhostaíochta is déanaí uathu dá gceantar áitiúil. Tá na sonraí ar fad ar fáil ar shuíomh gréasáin na Príomh-Oifige Staidrimh, mar sin chuir mé na sonraí i dtoll a chéile go tapa agus cuir mé pacáiste d’ailt mheáin faoi cheantar áitiúil an Chomhalta ar fáil.

11 a.m.

Freastalaím ar chruinnithe seachtainiúla ina dtagann thart ar 14 leabharlannaí agus taighdeoir le chéile chun athbhreithniú a dhéanamh ar sceidil na Dála, an tSeanaid agus na gcoistí lena fheiceáil cé na rúin a bheidh roimh na Tithe an tseachtain seo. Má bhíonn na topaicí a bheidh á gcur faoi bhráid na dTeachtaí agus na Seanadóirí ar eolas againn, beimid in ann an fhaisnéis a réiteach dóibh. D’fhéadfadh faisnéisithe maidir le reachtaíocht, staitisticí, tuairisciú meán nó faisnéis chúlra ar ábhar a bhfuil díospóireacht le déanamh air a bheith i gceist, cosúil leis an mBreatimeacht nó tithíocht agus easpa dídine. Cruinniú gnóthach atá ann, agus ionchur ó na foirne éagsúla, ina n-aontaímid an fhaisnéis agus na faisnéisithe taighde atá le cur ar fáil agus le dáileadh ar na Comhaltaí.

12 p.m.

Ansin, dírím m’aird ar imeacht a eagrú atá á phleanáil againn faoi láthair, chun an tSeirbhís Leabharlainne agus Taighde a chur chun cinn do Chomhaltaí. Lá oscailte atá le reáchtáil sa Seomra Léitheoireachta. Tá go leor Comhaltaí nua tar éis thoghchán 2016 agus tá súil againn iad féin agus a bhfoirne a spreagadh le teacht isteach agus eolas a chur orainn agus na rudaí is féidir linn a dhéanamh dóibh. Beidh deis acu freisin bualadh lenár bhfoireann taighdeoirí a oibríonn i bhfoirgneamh eile. Is gá dom póstaeir a dhearadh agus a phriontáil, cuirí agus cuir i láthair a sheoladh amach agus taispeántais dár n-acmhainní faisnéise ar líne a réiteach.
Tá an lá oscailte mar chuid de chlár leanúnach chun an tSeirbhís Leabharlainne agus Taighde a chur chun cinn agus Comhaltaí a spreagadh chun ár raon iomlán seirbhísí a úsáid. Reáchtálaimid seisiúin faisnéise rialta sa Seomra Léitheoireachta, agus uaireanta i limistéir phoiblí an Tí. Mar shampla, i mí Dheireadh Fómhair gach bliain socraímid both sa stáisiún caife agus oibrím lenár n-eacnamaithe chun faisnéis a bhaineann leis an gcáinaisnéis a chur ar fáil do Chomhaltaí.

2 p.m.

Tar éis an lóin, tugaim cur i láthair faoinár seirbhísí agus acmhainní faisnéise ar líne d’fhoireann toghcheantair ceann de na páirtithe polaitiúla. Thaistil siad chuig Teach Laighean chun leas a bhaint as an oiliúint seo, a chuideoidh leo tuiscint níos fearr a fháil ar ár n-acmhainní ar líne agus iad a úsáid, agus a chur ar a gcumas an fhaisnéis a theastaíonn uathu a aimsiú iad féin. Tugtar léargas i mo chur i láthair ar ár n-acmhainní ar líne. Áirítear orthu sin, deais toghcheantair, faisnéisithe reachtúla, bunachair sonraí ábhair agus irisí leictreonacha, catalóg ar líne agus nótaí faisnéisithe agus páipéir na Seirbhíse Leabharlainne agus Taighde. Mar chuid den chlár scileanna faisnéise, cuirim oiliúint duine le duine ar fáil freisin do Chomhaltaí agus dá bhfoireann parlaiminte. Is é an chuid is fearr liom den phost aithne a chur ar á n-úsáideoirí agus tuiscint níos fearr a fháil ar a riachtanais faisnéise.

4 p.m.

Tá mé ar ais sa Seomra Léitheoireachta, ag plé le hiarratais chun leabhair a thógáil ar iasacht ónár mbailiúchán. Tá réimse forleathan acmhainní prionta againn, ó dhoiciméid stairiúla go leabhair chomhaimseartha ar pholaitíocht, dlí, stair agus eacnamaíocht. D’fhéadfadh comhaltaí rochtain a iarradh ar cheann dár mbunachair shonraí d’fhoilseacháin údarásacha a ndéantar athbhreithniú piara orthu agus liostú le foláirimh nuachta ar ábhair a bhfuil suim acu ann.

5.30 p.m.

Tá sé in am domsa dul abhaile, ach fanann an Seomra Léitheoireachta oscailte a fhad is a bhíonn an Dáil nó an Seanad ag suí. Sula n-imím, tugaim ar láimh do chomhghleacaí a bheidh ar dualgas sa Seomra Léitheoireachta le cuidiú le Comhaltaí go dtí go dtéann an Dáil agus an Seanad ar scor don oíche. Bíonn gach lá éagsúil anseo agus is maith liom an bús a bhaineann le bheith ag obair i dtimpeallacht chomh suimiúil agus do-thuartha sin.

Erin O’Mahony

Barr
Roinn