Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Lá sa saol | Foireann TCÉ

TCÉ

Féach isteach

Faigh amach conas a chuireann ár n-ateangairí Theanga Chomharthaíochta na hÉireann (TCÉ), Caroline O'Leary agus Ciara Grant, rochtain ar fáil do phobal na mBodhar.

Cuirimid tús le hobair ár lae mar ateangairí Theanga Chomharthaíochta na hÉireann (TCÉ) sula bhfágann muid an teach, le síneadh riachtanacha ióga. Déanann ateangairí comharthaíochta a lán de na gluaiseachtaí céanna arís agus arís eile agus is féidir le gortú athstraidhneála teacht as sin. Bíonn an-bhrú ag baint le hateangaireacht bheo, ar nós dhíospóireachtaí Dála, Seanaid agus Coiste, agus bíonn an fhaisnéis d’ard-dlús. Tá sé tábhachtach dúinn bearta coisctheacha a ghlacadh, mar shampla ióga chun cabhrú lenár nguaillí, ár muiníl agus ár lámha a chosaint.

Stadán físe de Sheomra na Dála agus ateangaire TCÉ chun tosaigh

Ateangaireacht bheo á déanamh ag Caroline ar dhíospóireacht i Seomra na Dála

Ní bhíonn ár gcuid oibre go léir beo, áfach. Tosaímid an tseachtain le sceideal leagtha amach cheana féin ón gcruinniú pleanála seachtainiúil. B'fhéidir go mbeadh ateangaireacht ar chlár réamhthaifeadta, ar nós ceann de na cláir faisnéise a tháirgeann Teilifís an Oireachtais, á déanamh againn. Nó b'fhéidir go mbeadh muid ag cruthú aistriúcháin físe TCÉ ar théacs ar shuíomh gréasáin an Oireachtais. Tá na físeáin sin leabaithe ar leathanaigh áirithe den suíomh gréasáin. Tugann sé sin deis do phobal na mBodhar, a bhfuil TCÉ mar chéad teanga aige, foghlaim faoinár bparlaimint ar bhealach atá inrochtana.

Ateangaireacht á déanamh ag ateangaire TCÉ os comhair scáileán glas

Ateangaireacht á déanamh ag Ciara sa stiúideo

Don ateangaireacht neamhbheo is gá réamhullmhúchán a dhéanamh, na scripteanna a léamh agus comhoibriú ar an mbealach is fearr chun téarmaíocht shonrach TCÉ a theastaíonn uainn a úsáid. Le paindéim Covid-19, tá sraith iomlán nua de stór focal TCÉ in úsáid. Is obair thábhachtach é ár dteagmháil le pobal na mBodhar agus ár gcomhoibriú ar thionscadal gluaise parlaiminte le hIonad Léann na mBodhar, Coláiste na Tríonóide, chun a chinntiú go bhfuil téarmaíocht TCÉ á húsáid againn a bhfuil cur amach ag pobal na mBodhar uirthi.

Caithfimid muid féin a ullmhú freisin sula dtéann muid ar cheamara. Táimid ag déanamh ionadaíochta ar Thithe an Oireachtais, mar sin ní mór dúinn a bheith dea-ghléasta, ach tá rudaí praiticiúla le cur san áireamh freisin. Ní féidir éadaí glasa a chaitheamh toisc go dtéann siad as radharc os comhair an scáileáin ghlais a úsáidimid sa stiúideo. Le triail agus earráid, fuaireamar amach gurb é gúna (gan shocrú) ar a bhfuil muineál ard agus muinchillí trí cheathrú an feisteas is fearr. Ó thaobh an datha de, is iad dathanna seod is fearr a oibríonn leis an scáileán glas.

Ateangaireacht á déanamh ag ateangaire TCÉ os comhair scáileán glas

Ateangaireacht á déanamh ag Caroline sa stiúideo

Más seachtain suí atá ann, déanfaimid ateangaireacht bheo ar Cheisteanna ó Cheannairí, Ceisteanna an Taoisigh agus Ceisteanna maidir le reachtaíocht atá geallta sa Dáil agus Nithe i dTosach Suí sa Seanad. Déanaimid ateangaireacht bheo freisin ar shuíonna poiblí den Chomhchoiste um na nithe a bhaineann le Míchumas. Má tá díospóireacht ann faoi rud éigin a bhfuil spéis ar leith ag pobal na mBodhar ann bheadh sé mar aidhm againn ateangaireacht bheo a dhéanamh uirthi sin freisin.

Stadán físe de Sheomra an tSeanaid agus ateangaire TCÉ chun tosaigh

Ateangaireacht á déanamh ag Ciara do shuí den Choiste um na nithe a bhaineann le Míchumas

Le hateangaireacht bheo, déanaimid 15 nóiméad an duine ar bhonn uainíochta, agus is féidir linn oibriú go compordach mar sin ar feadh dhá uair an chloig. Más dócha go mairfidh sé níos faide, b'fhéidir go mbeidh saor-ateangaire ag teastáil uainn chun tacú linn. Le hateangaireacht bheo, is lú deis a bhíonn ann ullmhú toisc go mbíonn an chuid is mó de na díospóireachtaí gan script. Coinnímid súil ar an nuacht is déanaí lena chinntiú go bhfuilimid eolach ar théarmaíocht TCÉ do na hábhair a bhíonn i mbéal an phobail. Mar ateangaire comharthaíochta, ní mór duit a lán straitéisí a bheith agat agus a bheith i do chaimileon ar bhealach, ag dul in oiriúint go tapa do na cúinsí. Má thagann focal neamhchoitianta aníos i ndíospóireacht bheo d'fhéadfaimis an focal sin a mhéarlitriú, ach léirmhínímid an bhrí agus tá sé sin ag brath ar an gcomhthéacs. Mar shampla, dá ndéarfadh duine éigin, “Could you bear with me?” níltear ag caint i ndáiríre faoi bhéar!

Is féidir le laethanta suí a bheith an-ghnóthach. Ar laethanta eile, déanaimid iarracht ár gcuid oibre taifeadta a bhriseadh ina míreanna ionas gur féidir linn luas an lae a shocrú dúinn féin agus am a dhéanamh le hullmhú. Go ginearálta, ní oibríonn ateangaire níos mó ná cúig uair an chloig “am lámha san aeir” in aghaidh an lae, agus 25 uair an chloig san iomlán sa tseachtain. Moltar é seo i mBeartas um Shláinte agus Sábháilteacht Ceirde Ateangairí Theanga Chomharthaíochta na hÉireann. Déantar é seo chun traochadh agus gortú a sheachaint, ach tá roinnt eisceachtaí ann a chuirimid san áireamh, amhail Lá an Bhuiséid.

Stadán físe de chrainn bratach ar Fhaiche Laighean agus ateangaire TCÉ chun tosaigh

Ateangaireacht á déanamh ag Ciara d'fhíseán de chuid Theilifís an Oireachtais

D'ardaigh An tAcht um Theanga Chomharthaíochta na hÉireann, 2017 feasacht ar an ngá atá le rochtain a thabhairt do dhaoine Bodhra ar an bhfaisnéis chéanna a bhíonn ag gach duine eile. Ní réiteach gach faidhbe é fotheidealú beo. Is teanga ar leith í TCÉ agus tá a gramadach agus a comhréir féin uaithi atá uathúil d’Éirinn agus nach bhfuil bunaithe ar an mBéarla ná ar an nGaeilge. Tá a dteanga chomharthaíochta féin ag tíortha an domhain. Ó tháinig an tAcht isteach, aithnítear TCÉ mar theanga dhúchasach de chuid na hÉireann.

Stadán físe de Sheomra na Dála agus an gCathaoirleach ag síniú agus ateangaire TCÉ chun tosaigh

Ateangaireacht á déanamh ag Caroline do shuí de Sheanad Éireann

Táimid an-sceitimíneach faoi TCÉ a chur ar fáil san Oireachtas. Le hoifigeach oideachais an Oireachtais, rinneamar ateangaireacht ar chlár An Daonlathas a Fhiosrú go cianda do dhaltaí Bodhra idirbhliana. Tá páistí bodhra ag foghlaim faoin bpolaitíocht anois toisc go bhfuil rochtain acu. Tá níos mó rochtana ag pobal na mBodhar ar imeachtaí parlaiminte agus is féidir leo breathnú ar an gcaoi a bhfuil ag obair leis an rialtas. Osclaíonn sé seo geata don todhchaí nuair a d'fhéadfadh polaiteoir Bodhar a bheith againn.

Barr
Roinn