Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Lá sa saol | Uiséirí

8 a.m.

Colm O’Rourke, príomhuiséir

8 a.m.

Sroichim Teach Laighean agus is é an chéad rud a chaithfidh mé a dhéanamh bualadh le beirt cheannairí foirne na foirne luaithe. Tuairiscíonn siad go bhfuil a bhfoireann ar fad anseo agus go bhfuil gach post clúdaithe. Tagann na huiséirí ar an bhfoireann luath isteach ag 7 a.m. chun a n-éide a chur orthu, a raidiónna agus trealamh eile a bhailiú agus treoir a fhail don lá amach rompu. Caithfidh siad bheith ag a bpoist sula n-osclaíonn na geataí ag 7.30 a.m.

Faighim an tuairisc ón bhfoireann dheireanach ó aréir chomh maith. Má bhíonn aon ní cearr le hiniúchadh na hoíche aréir, cosúil le fuinneog bhriste, tuairiscímid é chuig Oifig na nOibreacha Poiblí.

Bíonn cóip phriontáilte den dialann imeachtaí ag na ceannairí foirne. Taispeántar na cuairteoirí ar fad a bhfuiltear ag súil leo sna Tithe inniu air sin. D’fhéadfadh grúpaí turais, ceannairí stáit agus ambasadóirí teacht agus pléimid ord reatha an lae go mion lena chinntiú go bhfuil gach rud i gceart. Inniu, táthar ag súil le duine mór le rá le foireann cúntóirí, ach táimid faoi réir dó. Roinnt mhaith seachtainí ó shin, chuireamar le chéile prótacal don chuairt, lena n-áirítear beathaisnéisí na gcuairteoirí, cé a bhuailfidh leo ar na céimeanna agus an leibhéal slándála a theastaíonn.

9 a.m.

Téim chuig m’oifig chun ríomhphoist agus teachtaireachtaí gutháin a fhreagairt. D’fhéadfadh 30 nó 40 teachtaireacht a bheith ag fanacht orm, mar sin bíonn sé sách leadránach iad ar fad a fhreagairt.

10 a.m.

Tá sé beagnach in am do shuí an tSeanaid, agus téim timpeall chuig na poist éagsúla lena chinntiú go bhfuil gach rud i gceart ag na huiséirí.

10.30 a.m.

Tugaim an Cathaoirleach isteach go Seomra an tSeanaid. Tá an prótacal seo ina chuid dár dtraidisiún, agus cuidíonn sé leis dul chuig an Seomra agus am le spáráil aige. Is beag an baol go labhródh aon duine leis an gCathaoirleach agus an coimhdire oifigiúil in éindí leis. Cuirtear glas ar an Seomra fad is a deirtear an phaidir, tosaíonn suí an tSeanaid agus téim ar ais chuig m’oifig.

11.30 a.m.

Tá sé in am anois a chinntiú go bhfuil Seomra na Dála réidh le go dtosódh an suí agus téim isteach leis an gCeann Comhairle.

12 meán lae

Tagann an Ceann Comhairle isteach agus cuirim a róbaí air. Nuair a bhíonn córam 20 Teachta sa Dáil, fógraíonn an Cléireach an Ceann Comhairle, agus siúlaim isteach in éindí leis chuig an Seomra.

Téim ar ais chuig m’oifig agus bíonn tuilleadh ríomhphost agus teachtaireachtaí ag fanacht liom. Tá obair le déanamh agam chomh maith ar phrótacail do chuairteanna uaisle amach anseo. Ar cheann de na poist atá agam tá seomraí a leithdháileadh do chruinnithe, agus mar gheall go bhfuil coistí ag déanamh níos mó oibre ná riamh, is deacair gach trá a fhreastal.

1 p.m.

Tagann an fhoireann dheireanach isteach, agus buailim leo lena chinntiú go bhfuil gach rud ina cheart. Tugann ceannaire na foirne luaithe ceannairí na foirne deireanaí ar an eolas ionas go bhfuil gach ní ar eolas acu faoi chlár an lae. Oibríonn an dá fhoireann le chéile nó go dtéann an fhoireann luath ag 5 p.m.

Má bhíonn gach rud ag dul i gceart beidh deis agam lón a ithe. Tá botún déanta agam cheana, d’fhan mé san oifig, ach, de ghnáth, leanann an guthán ag glaoch, mar sin téim chuig an mbialann. Siúlaim timpeall Sheomraí na Dála agus an tSeanaid freisin lena chinntiú go bhfuil gach rud ag dul go maith.

2 p.m.

Tá mé ag doras Shráid Mhuirfean le bualadh le hambasadóir atá ag teacht le freastal ar choiste na ngnóthaí eachtracha. Tá an prótacal i bhfeidhm, agus tá a fhios ag gach duine céard atá le déanamh. Bhuail mé leis an ambasadóir seo anseo cheana, agus cuidíonn sé sin liom bheith ag súil lena mbeidh ag teastáil. Bainfimid anuas an doras imrothlach cúng chuig Teach Laighean más gá.

3 p.m.

Tá mé ar ais i m’oifig. Mar aon le soláthar a dhéanamh do chuairteoirí lae agus cruinnithe, tá pleanáil fhadtéarmach le déanamh. Tá triail á bhaint againn as córas nua chun suaitheantas a thabhairt do chuairteoirí agus chun iad a bhainistiú. Tá athbhreithniú á dhéanamh agam chomh maith ar an tslándáil, i dteannta an Cheannfoirt agus Chaptaen an Gharda. Tá córas nua svaidhpchártaí ag na geataí agus táimid ag breathnú ar mheaisíní x-gha agus córas chun cuairteoirí a chuardach a thabhairt isteach.

Tá cruinniú agam freisin faoi shábháilteacht dóiteáin. Saincheist thábhachtach atá ann, go háirithe mar gheall ar aois agus suntasacht stairiúil Theach Laighean.

6 p.m.

De ghnáth, bheinn ag smaoineamh ar dhul abhaile, ach uair nó dhó sa tseachtain fanaim go dtí go ndúntar na Tithe don oíche. De réir mar a fhágann daoine oifigí éagsúla, seiceálann an fhoireann dheireanach go bhfuil na soilse agus an fearas ar fad múchta agus go bhfuil na fuinneoga dúnta.

10 p.m.

Téann an Dáil ar scor. Is iondúil gurb í an Dáil is deireanaí ag críochnú, agus fanann beár na gComhaltaí ar oscailt ar feadh uair an chloig tar éis don Dáil scor. Na laethanta seo, ní bhíonn an oiread Comhaltaí ná foirne sa bheár ag an am seo is a bhíodh. Is ionann an t-athrúchán foirne agus Comhaltaí le cúig bliana anuas agus 72%, mar sin tá formhór na ndaoine réasúnta nua.

11 p.m. - 12.30 a.m.

11 p.m. Uair an chloig tar éis don Dáil scor, déanaimid seiceáil dheireanach ar na hoifigí, cuirimid glas orthu agus scríobhaimid an tuarascáil.

12.30 a.m. Dúntar Teach Laighean don oíche. Insím don Gharda atá ar an ngeata go bhfuilimid réidh, agus téim abhaile.

Colm O’Rourke

Barr
Roinn