Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Teanga Chomharthaíochta na hÉireann san Oireachtas

TCÉ

Féach isteach

Tá sé mar aidhm againn rochtain le Teanga Chomharthaíochta na hÉireann (TCÉ) ar Thithe an Oireachtais a chur chun cinn agus a fheabhsú.

Gluais TCÉ na dtéarmaí parlaiminte

gluais

Gluais TCÉ na dtéarmaí parlaiminte

I gcomhthráth le Lá Náisiúnta Theanga Chomharthaíochta na hÉireann, 2023, agus i ndiaidh próiseas taighde, for-rochtana agus comhoibrithe i dteannta páirtithe leasmhara, tá Tithe an Oireachtais ag seoladh gluais TCÉ de théarmaí parlaiminte.

TCÉ ar Theilifís an Oireachtais

Bíonn TCÉ agus fotheidil san áireamh i gcuid de na cláir ar Theilifís an Oireachtais.

Breathnaigh ar an sceideal is déanaí de chuid Theilifís an Oireachtais lena fháil amach.

Ár Seirbhísí TCÉ

Teilifís Bheo an Oireachtais
Léirithe Theilifís an Oireachtais
Suíomhanna gréasáin
Turais ar Theach Laighean
Seirbhísí TCÉ eile

Físeáin le déanaí lena bhfuil ateangaireacht Theanga Chomharthaíochta na hÉireann

Céad, 24 Aib 2024

Céad, 24 Aib 2024

Teanga Chomharthaíochta na hÉireann

Leaders' Questions with ISL Interpretation

Amharc ar an bhfíseán

Céad, 24 Aib 2024

Céad, 24 Aib 2024

Teanga Chomharthaíochta na hÉireann

Questions on Policy or Legislation with ISL Interpretation

Amharc ar an bhfíseán

Máirt, 23 Aib 2024

Máirt, 23 Aib 2024

Teanga Chomharthaíochta na hÉireann

Acknowledgement and Apology to the Families and to the Victims of the Stardust Tragedy with ISL Interpretation

Amharc ar an bhfíseán

Ag bualadh le Teachtaí Dála agus na Seanadóirí le hateangaireacht TCÉ

Baill de phobal na mBodhar Más mian leat cruinniú a iarraidh le Teachta Dála nó le Seanadóir, gheobhaidh tú sonraí teagmhála ar leathanach na dTeachtaí Dála & Seanadóirí. Féadfaidh do TD nó do Sheanadóir ateangaireacht TCÉ a shocrú.

Teachtaí Dála agus Seanadóirí Is féidir leat gné an Liúntais Ionadaíochta Poiblí (LIP) den Liúntas Caighdeánach Parlaiminte (LCP) a úsáid chun costas na hateangaireachta TCÉ a íoc. Faigh tuilleadh eolais ar leathanach an Liúntais Chaighdeánaigh Parlaiminte nó déan teagmháil leis an Ionad Ilfhreastail.
Chun ateangaire a aimsiú, féach Eolaire na nAteangairí ar shuíomh gréasáin Chlár Ateangairí Theanga Chomharthaíochta na hÉireann (RISLI). Ní mór do chomhlachtaí poiblí ateangaire cláraithe RISLI a úsáid.

Lá sa saol | Ateangairí TCÉ

Oibríonn ár bhfoireann TCÉ i ndlúthchomhar le chéile chun ateangaireacht agus aistriúchán TCÉ a chur ar fáil ar dhíospóireachtaí, imeachtaí agus ábhar suímh gréasáin an Oireachtais. Foghlaim faoi lá i saol ateangairí TCÉ.

An Seanad

Tosach feidhme an Achta um Theanga Chomharthaíochta na hÉireann, 2017

Féach ar ráitis sa Seanad ar thosach feidhme an Achta um Theanga Chomharthaíochta na hÉireann, 2017.

Cuireadh tús leis an Acht an 23 Nollaig 2020. Aithnítear ann TCÉ mar theanga dhúchais de chuid an Stáit.

Amharc ar an bhfíseán

Reachtaíocht

An tAcht um Theanga Chomharthaíochta na hÉireann, 2017

Féach ar aistriúchán TCÉ ar an Acht um Theanga Chomharthaíochta na hÉireann, 2017. Foráiltear san Acht d’aitheantas a thabhairt do TCÉ, dá húsáid in imeachtaí dlíthiúla agus do sholáthar seirbhísí ateangaireachta TCÉ ag comhlachtaí poiblí.

Ní aistriúchán oifigiúil ar an Acht é an t-aistriúchán TCÉ seo.

Amharc ar an bhfíseán

Amhrán na bhFiann

Amhrán na bhFiann

Bhí páistí bodhra i scoil i mBaile an Easpaig, Corcaigh, chun tosaigh i dtionscadal chun aistriúchán oifigiúil TCÉ a chruthú d’amhrán náisiúnta na hÉireann, Amhrán na bhFiann. Léiríodh an leagan TCÉ d’Amhrán na bhFiann den chéad uair i dTeach Laighean i mí Iúil 2018.

Amharc ar an bhfíseán

Cúpla focal

Useful phrases in ISL

TDs and Senators: would you like to use some ISL phrases in your speeches in the Houses?

See how to sign some commonly used phrases.

Amharc ar an bhfíseán

Sonraí teagmhála

Má bhíonn aon tuairimí nó ceisteanna agat faoinár seirbhísí TCÉ, déan teagmháil linn.

 

An tAonad Cumarsáide
Teach Laighean
Sráid Chill Dara
Baile Átha Cliath
D02 XR20

 

Foireann TCÉ

isl@oireachtas.ie

Barr
Roinn