Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Le haghaidh Taighdeoirí

Labhair linn más mian leat tuilleadh a fháil amach faoinár mbailiúcháin a úsáid i do chuid taighde.  Inis dúinn faoin úsáid atá tú a bhaint (nó atá i gceist agat a bhaint) as ár mbailiúcháin i do chuid oibre.

Bailiúcháin SL&T

Tá dhá bhailiúchán thábhachtacha doiciméad againn: Doiciméid Leagtha agus an Bailiúchán Stairiúil. Féadfaidh tú an dá bhailiúchán a chuardach trínár gcatalóg ar líne.

Documents Laid collection
Historical collection

Clár Comhaltachta na Seirbhíse Poiblí de chuid Fhondúireacht Eolaíochta Éireann (SFI)

An bealach a oibrímid le SFI mar eagraíocht óstach
Ár dtaighdeoirí, a gcónaitheachtaí agus a n-ábhair thaighde
Comhthéacs agus ailíniú straitéiseach
Bibleagrafaíocht na Parlaiminte

Bibleagrafaíocht

Bibleagrafaíocht na Parlaiminte

I mBibleagrafaíocht nua na Parlaiminte in Éirinn dár gcuid, liostáiltear saothair a bhaineann leis an bparlaimint in Éirinn ó bunaíodh Dáil Éireann in 1919.

Is féidir leat an bhibleagrafaíocht a úsáid chun tagairtí a chruthú chuig foinsí mar leabhair, ailt irise, leathanaigh ghréasáin agus páipéir chomhdhála.

 

Billí Stairiúla

Billí

Billí Stairiúla

Tá na billí a foilsíodh ó 1997 go dtí an lá atá inniu ann ar fáil i rannóg Billí agus Achtanna den suíomh gréasáin seo. Rinneadh digitiú le déanaí ar na Billí a foilsíodh ó 1922 go dtí 1996 agus tá siad á gcur leis an suíomh gréasáin.

Mura bhfuil tú in ann an Bille atá uait a aimsiú, tabhair cuairt ar chatalóg ar líne Leabharlann an Oireachtais. Tá leaganacha difriúla de na Billí sa chatalóg, de réir mar a leasaíodh iad.

Comhaltachtaí parlaiminte

Ceapadh comhaltacht pharlaiminte an Oireachtais chun an staidéar ar scoláireacht ar Thithe an Oireachtais a chur ar aghaidh agus cur léi, agus chun eolas agus tuiscint ar stair agus ar obair Thithe an Oireachtais a chur chun cinn.

Bronnadh comhaltachtaí parlaiminte an Oireachtais ar an Dr Brian Hunt in 2010 agus ar an Dr Gavin Barret in 2011.

Sparánachtaí taighde

Bhronn an tSeirbhís Leabharlainne agus Taighde roinnt sparánachtaí taighde chun cabhrú le lucht acadúil iniúchadh a dhéanamh ar ár mbailiúcháin. Seo sampla den bhealach ar úsáid roinnt taighdeoirí ár mbailiúcháin go dáta.

Barr
Roinn