Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Taighdeoir cónaithe An Dr Boris Galkin

Chaith An Dr Boris Galkin trí mhí mar thaighdeoir cónaithe linne faoi Chlár Comhaltachta na Seirbhíse Poiblí de chuid Fhondúireacht Eolaíochta Éireann. I rith a chuid ama linn, rinne an Dr Galkin staidéar ar na himpleachtaí eacnamaíocha, sóisialta agus eiticiúla a bhaineann le haerfheithiclí gan foireann, nó dróin mar is fearr aithne iad.

Grianghraf de dhrón in aice le grianghraf den Dr Boris Galkin

Dróin Tomhaltais agus Tráchtála

Léigh páipéar taighde an Dr Galkin a foilsíodh ag deireadh a thréimhse cónaithí le SLaT an Oireachtais. Déantar iniúchadh ann ar theicneolaíocht éiritheach na ndrón agus a bhforleathadh mear isteach sna hearnálacha tomhaltais agus tráchtála.

Is comhalta taighde éAn Dr Boris Galkin le hIonad CONNECT do líonraí agus cumarsáid amach anseo, mar a n-oibríonn sé chun teicneolaíocht na ndrón a chomhtháthú leis an líonra móibíleach amach anseo.

Tá an Dr Galkin ar dhuine de sheisear taighdeoirí atá ar iasacht chuig Seirbhís Leabharlainne agus Taighde Thithe an Oireachtais mar chuid de chlár comhaltachta SFI (Fondúireacht Eolaíochta Éireann) na seirbhíse poiblí.

Barr
Roinn