Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Dr Tim Jacquemard, Taighdeoir Cónaithe

Chaith an Dr Tim Jacquemard trí mhí mar thaighdeoir cónaitheach linne faoi Chlár Comhaltachta SFI na Seirbhíse Poiblí. Le linn a chuid ama linn, rinne an Dr Jacquemard imscrúdú ar theicneolaíocht ríomhshláinte agus a himpleachtaí sóisialta agus eiticiúla.

An Dr Tim Jacquemard le taobh íomhá de thaifid sláinte leictreonacha

Spotlight

Léigh páipéar taighde an Dr Jacquemard a foilsíodh ag deireadh a thréimhse cónaithí le SLaT an Oireachtais. Déanann sé iniúchadh ar na himpleachtaí sóisialta agus eitice a bhaineann le haipeanna sláinte leictreonaí in Éirinn. Tá an tsláinte leictreonach ag céim luath forbartha in Éirinn agus meastar gur áisitheoir ríthábhachtach í maidir leis an athrú a bhfuiltear ag súil leis i gcóras sláinte na hÉireann d’fhonn é a bheith ina chóras níos comhtháite, níos lárnaí ó thaobh othar de agus níos éifeachtúla.

Oibríonn an Dr Jacquemard ar rialú agus ar rialachas ríomhshláinte, agus déanann sé imscrúdú ar phróisis a bhaineann le taifid leictreonacha othar, ar thairseacha othar agus ar anailísíocht sonraí. Tá a chúlra san fhealsúnacht agus tá taithí mhór aige i measúnú teicneolaíochta le FutureNeuro agus an Rathenau Instituut san Ísiltír. Tá sé mar aidhm ag an Dr Jacquemard treoir a thabhairt do Chomhaltaí den Oireachtas agus don phobal parlaiminteach faoi shaincheisteanna beartais a bhaineann leis an teicneolaíocht riachtanach sin.

Tá an Dr Jacquemard  ar dhuine de sheisear taighdeoirí atá ar iasacht chuig Seirbhís Leabharlainne agus Taighde Thithe an Oireachtais mar chuid de chlár comhaltachta SFI (Fondúireacht Eolaíochta Éireann) na seirbhíse poiblí.

Barr
Roinn