Cuireann an tSeirbhís Leabharlainne agus Taighde réimse de threoracha eolais taighde neamhchlaonta ar fáil do Chomhaltaí den Oireachtas.
Cuireann ár bhfoirne taighde an méid seo a leanas i dtoll a chéile go rialta:
- Achoimre ar Bhillí – páipéir eolais faoi reachtaíocht an Rialtais atá beartaithe roimh an Dara Céim (ó Iúil 2018)
- Nótaí ón tSeirbhís Leabharlainne agus Taighde – nótaí gairide tráthúla a chlúdaíonn raon leathan topaicí, fíricí, staitisticí agus ceisteanna coitianta
- Spotlight – treoracha eolais taighde ina ndéantar scrúdú níos mine ar thopaic nó ar cheist beartais aonair
- Sraith ráithiúil de Tháscairí Comhshaoil a rianaíonn dul chun cinn i leith spriocanna comhshaoil
Cuirimid eolais taighde eile le chéile freisin trí chomhaltachtaí Oireachtais agus sásraí eile soláthair.
Ar an leathanach seo, is féidir leat na foilseacháin taighde is déanaí uainn a bhrabhsáil nó cuardach de réir téama a dhéanamh orthu.
Na foilseacháin taighde is úire againn
Máirt, 23 Aib 2024
Bill Digest: Financial Services and Pensions Ombudsman (Amendment) Bill 2023
Financial Services and Pensions Ombudsman (Amendment) Bill 2023 seeks to give effect to the 2021 majority judgment of the Supreme Court in the Zalewski case and ensure that the Financial Services and Pensions Ombudsman can continue to carry out its functions in accordance with the Constitution of Ireland. [Keywords: Business and industry, Economy and finance, People and communities]
Luan, 8 Aib 2024
Bill Digest: Future Ireland Fund and Infrastructure, Climate and Nature Fund Bill 2024
The main purpose of the Future Ireland Fund and Infrastructure, Climate and Nature Fund Bill is to provide for the establishment of two funds, the Future Ireland Fund and the Infrastructure, Climate and Nature Fund. [Keywords: Economy and finance]
Aoine, 5 Aib 2024
L&RS Note: Carbon Border Adjustment Mechanism
This L&RS Note provides an overview of the EU’s Carbon Border Adjustment Mechanism by examining the background to its introduction, its objectives, scope, and the timeline for its implementation. It also considers the potential implications it may have for developing countries and on the competitiveness of EU industry. [Keywords: Business and industry, Climate action, Environment and energy, International and EU affairs]
Grafaicí faisnéise
Déanaimid grafaicí faisnéise ina dtaispeántar achoimrí fónta ar ár gcuid taighde, lena n-áirítear ár dTáscairí Eacnamaíocha, ar sraith grafaicí faisnéise míosúla iad a chuireann príomhtháscairí i láthair ar gheilleagar na hÉireann.
Próifílí dáilcheantair
Tá próifílí aonair foilsithe againn faoin 39 dáilcheantar. Tá cur síos ar an dáilcheantar i ngach próifíl lena n-áirítear léarscáileanna téamúla.
Gach téama taighde
Aimsigh taighde faoi théamaí éagsúla, nó cuardaigh gach foilseachán SLaT.
- Gnó agus tionscal
- Cultúr agus spórt
- An geilleagar agus airgeadas
- Oideachas
- An comhshaol agus fuinneamh
- Sláinte
- Tithíocht agus pleanáil
- Gnóthaí idirnáisiúnta agus AE
- Ceartas agus coireacht
- An Pharlaimint agus an Rialtas
- Daoine agus pobail
- Coimirce shóisialach
- Cúrsaí tuaithe, muirí agus iompair
- Technology and research
Sraith
Teicneolaíochtaí nua agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn a thaispeáint: 23 Samhain 2022
Féach ar an gcéad cheann de dhá sheimineár gréasáin — ina dtaispeántar an obair a dhéanann lucht an taighde — arna n-óstáil ag SLaT faoi Chlár Comhaltachta na Seirbhíse Poiblí de chuid Fhondúireacht Eolaíochta Éireann (SFI). Ag an seimineár gréasáin seo, chuir an Dr. Boris Galkin agus an Dr. Rónán Kennedy a gcuid taighde faoi seach ar theicneolaíocht na ndrón agus rialacha mar chód i láthair.
Sraith
Teicneolaíochtaí nua agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn a thaispeáint: 30 Samhain 2022
Ba ar an 30 Samhain 2022 a reáchtáladh an dara seimineár gréasáin — ina dtaispeántar an obair a dhéanann lucht an taighde — arna n-óstáil ag SLaT faoi Chlár Comhaltachta na Seirbhíse Poiblí de chuid Fhondúireacht Eolaíochta Éireann (SFI). Thug an Dr. Tim Jacquemard, an Dr. Cormac Ó Coileáin agus an Dr. Nicholas Vafeas, faoi seach, a léargas ar ríomhsheirbhísí sláinte, nanaitheicneolaíocht agus fuinneamh geoiteirmeach.
Seimineár gréasáin
Intleacht shaorga agus tiomáint chuidithe
D’óstáil SLaT, i gcomhar le SFI, seimineár gréasáin chun Seachtain na hEolaíochta, 2023 a cheiliúradh. Rinneadh plé sa seimineár ar intleacht shaorga agus tiomáint chuidithe. Chualathas ón Ollamh Martin Mullins ó Ollscoil Luimnigh agus ón Ollamh Martin Glavin ó Ollscoil na Gaillimhe lena linn.
Seimineár gréasáin
Ag féachaint chuige go seasfaidh córais fuinnimh na hÉireann an aimsir
Féach ar an seimineár gréasáin leis an Ollamh Andrew Keane ó Institiúid Fuinnimh UCD maidir leis an obair atá ar bun sa chlár, Córais Fuinnimh na Chéad Ghlúine Eile (NexSys), chun féachaint chuige go seasfaidh córais fuinnimh na hÉireann an aimsir. Bhí sé á-óstáil ag SLaT, i gcomhar le Fondúireacht Eolaíochta Éireann (SFI), chun ceiliúradh a dhéanamh ar Sheachtain na hEolaíochta, 2022.
Webinar
Making Ireland's first fully Green Batteries
Watch the webinar on bringing lithium cobalt batteries into the circular economy delivered by Dr Tony Keene, UCD on behalf of the LiCoRICE Project. The webinar was hosted by the L&RS with Science Foundation Ireland (SFI) to mark Science Week 2021.
Féach ar chartlann na seimineár eolaíochta dár gcuid
Féach ar na físeáin dár seimineáir eolaíochta atá sa chartlann, lena n-áirítear iad siúd a dhéanann ceiliúradh ar Sheachtain na hEolaíochta agus iad siúd a reáchtáladh i gcomhar le Fondúireacht Eolaíochta Éireann.